Réalta Óg na Bliana 2024

Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Seisear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Laura Pakenham (Foghlaim TG4), Conor Ó Gallachóir (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Aisling Ní Dhonnabháin (Raidió Rí-Rá), Darragh Ó Caoimh (TG4), Storm Eaton-Kilgallen (Raidió Fáilte & BBC Raidió Uladh), Cliodhna Ní Mhianáin (RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ). Sé Colm Mac Giolla Easbuic (TG4) a bhuaigh Réalta Óg na Bliana 2023.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2024. Is iad Púca urra an ghradaim seo.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig:

51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór

Mar shampla, chun vótáil do:
Laura Pakenham téacsáil GRADAM1
Conor Ó Gallachóir téacsáil GRADAM2
Aisling Ní Dhonnabháin téacsáil GRADAM3
Darragh Ó Caoimh téacsáil GRADAM4
 Storm Eaton-Kilgallen téacsáil GRADAM5
Cliodhna Ní Mhianáin
téacsáil GRADAM6

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2024.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana ag Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl san INEC, Cill Airne, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2024. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.ie