Hugh Mac Giolla Chearra

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Is pearsa na meáin shóisialta, fuirseoir agus láithreoir é Hugh Mac Giolla Chearra. Agus é ag obair mar Chomhordaitheoir na Meán Sóisialta le BLOC TG4, bhí sé le feiceáil go minic os comhair an cheamara, go háirithe le linn na sraitheanna a chuir sé tús leo, Bia Duit agus Hughlán.

Tá a chroí istigh sna meáin chumarsáide, go háirithe an raidió. Ón mbliain 2015, tá obair déanta aige le Raidió Rí Rá, Raidió na Life, RTÉ 2FM agus inniu tá sé le cloisteáil go minic ag roinnt scéalta le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá a chuid ábhar grinn le feiceáil ar Buzzfeed, Joe.ie, journal.ie i measc suímh eile. Thar an bhliain, shroich sé 35 míle leantóirí ar TikTok tríd a chuid ábhar grinn, formhór do i nGaeilge. Chuir sé feachtas t-léine “Goitse Alpaca” le chéile a bhí spreagtha de bharr an TikTok mearscaipthe. Chuaigh an t-airgead ar fad as an bhfeachtais seo díreach chuig MASI, carthanas a oibríonn le daoine agus teaghlaigh atá ina gcónaí sa scéim soláthar díreach.

CHUN VÓTÁIL AR SON Hugh Mac Giolla Chearra
téacsáil GRADAM2

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Dúnfar na línte vótála do Réalta Óg na Bliana Dé hAoine, 22 Deireadh Fómhair 2021 ag meánlae.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.

Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Soláthraí Seirbhíse: Púca.