Máirtín Seoighe

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Is clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta, láithreoir ar an bpodchraoladh ‘Corpoideachas’ de chuid BLOC TG4 agus colúnaí le NÓS Mag é Máirtín Seoighe.

Is as Ros Cathail i gcontae na Gaillimhe do Mháirtín ach is de bhunadh na Gaeltachta é go smior.

Tá an fear óg seo tagtha chun cinn go mór in earnáil na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas, agus é ag scríobh faoi shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge ar NÓS Mag, ag láithriú agus ag déanamh grinn ar BLOC TG4, agus ag craoladh beo do lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta, is furasta aithint an spreac atá ann i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Faoi láthair tá sé déanamh máistreacht i nDlí na hEorpa agus sa nGaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin, tá suim mhór aige i gcúrsaí béaloidis, seanchais, amhránaíochta agus i gcanúintí na Gaeilge.


CHUN VÓTÁIL AR SON
Máirtín Seoighe
téacsáil GRADAM4

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.

Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Soláthraí Seirbhíse: Púca.