ACHOIMRE
Le blianta anuas atá athrú nach beag tagtha ar cháil Ghráinne Ní Mháille, ó neamairt na staire ar feadh na gcéadta bliain go dtí an t-ardstádas lena bhféachtar uirthi inniu, amhail pearsa diaganta, nach mór. Foghlaimíonn páistí scoile fúithi, agus is mó insint a dhéantar ar a saol dathannach, ina measc, insintí neamhfhicsin agus úrscéalta grafacha, drámaí agus ceol. Bhí an-tóir ar scéalta faoina cuid eachtraí agus faoina cuid gaiscí ach ní raibh úrscéal againn go dtí anois a thug léargas iomlán ar a saol.
ÚDAR: Siobhán Parkinson
Údar aitheanta í Siobhán Parkinson, agus breis is fiche leabhar foilsithe aici. Ba í Siobhán a céadcheapadh mar Laureate na nÓg (2010–2012), ach scríobhann sí freisin do dhaoine fásta. Seo an tríú leabhar léi a d’fhoilsigh Cois Life.