ACHOIMRE
Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta lonnaithe in Éirinn comhaimseartha atá sa leabhar seo a bhfuil gach uile rud ag baint leis - bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas féin acu (b’fhéidir), Rúisigh leis an iliomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná beáir críonna agus go leor eile.
ÚDAR: Alan Titley
Scríbhneoir agus scoláire ildánach é Alan Titley a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, critic léannta agus fiú filíocht foilsithe aige. Tá a chuid saothair aistrithe go teangacha éagsúla, Gaeilge na hAlban, Béarla, Cróitis, Iodáilis, Rómáinis, Rúisis agus Fraincis ina measc. Cuireann sé cláir raidió agus teilifíse i láthair go rialta ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann. Chaith sé breis agus cúig bliana fichead mar Cheann Roinne na Gaeilge i gColáiste Phádraig agus ina dhiaidh sin ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.