ACHOIMRE
Beathaisnéis Luíse Ghabhánach Ní Dhufaig, bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil atá sa leabhar seo agus cuireann Celia de Fréine i láthair go seoigh í le daonnacht agus le dúthracht taighde.
ÚDAR: Celia de Fréine
Is scríbhneoir ilghnéitheach í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an iliomad duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta, scripteanna agus drámaí a bhíonn á stáitsiú go rialta. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo, arb iad cuir amach seo dom: riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can’t (Scotus Press, 2014) na cinn is deireanaí uaithi. In 2017 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a leagan drámata de Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman. Is duine de chomhbhunaitheoirí Umbrella Theatre Company í, an compántas a léirigh Luíse, dráma bunaithe ar shaol Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh in 2016/2017. Is é Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: CEANNRÓDAÍ an chéad saothar próis óna peann.