An Rás Chuig an Mol Thuaidh

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Futa Fata
AISTRITHEOIR: Fearghas Mac Lochlainn

Achoimre Leabhair
Is beag a shamhlaigh Matthew Henson, agus é ar a theitheadh ó theach a leasmháthar ag aois aon bhliain déag, go mbeadh saol aige a bheadh lán le heachtraíocht agus le taiscéalaíocht. Is cinnte nár shamhlaigh sé go mbeadh sé ar an gcéad duine riamh le taisteal chomh fada leis an Mol Thuaidh. In ainneoin sin ar fad, ba bheag meas a léiríodh air agus é sa bhaile i Meiriceá. Cén fáth sin? Mar gheall ar dhath a chraicinn.

Aistritheoir
Is scríbhneoir, cumadóir agus fonnadóir é Fearghas Mac Lochlainn. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite aige sna comórtais lúibíní, amhráin nuachumtha agus agallaimh bheirte le scór bliain anuas.  Tá agallaimh bheirte, lúibíní, drámaí agus amhráin scríofa aige do ghasúir freisin agus go leor duaiseanna Oireachtais buaite acu ag an bhféile thar na mblianta. Is maisitheoir leabhar chomh maith é agus tá go leor léaráidí dá chuid foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus An Gúm.

Údar