Dialann Dlúthchara

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Futa Fata
AISTRITHEOIR: Máirín Nic Con Iomaire

Achoimre Leabhair
Is é seo an chéad teideal sa tsraith seo a d'eascair ó shraith shárdhíola Jeff Kinney, Diary of a Wimpy Kid, atá foilsithe ag Futa Fata faoin teideal Dialann Dúradáin. Seo dialann Rowley Jefferson faoi féin agus a dhlúthchara Greg Heffley. Sa phríomhshraith, is focharachtar é Rowley agus sa leabhar seo, tá sé ag iarraidh bogadh go lár stáitse. 

Aistritheoir
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mháirín Nic Con Iomaire agus tá sí ag cur fúithi anois i nGaeltacht Chonamara. Is léiritheoir agus craoltóir raidió í le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá Máirín ag aistriú leabhar do Futa Fata le roinnt blianta anuas, ina measc, teidil éagsúla sa tsraith Dialann Dúradáin chomh maith le húrscéalta éagsúla de chuid David Walliams.

Údar