Dialann Scubaidín

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Cló Iar-Chonnacht
AISTRITHEOIR: Caitlín Ní Chualáin

Achoimre Leabhair
Is leagan Gaeilge den leabhar Diary of the Naughtiest Girl le Jeanne Willis ar tógadh an bunsmaoineamh ón tsraith leabhar The Naughtiest Girl le Enid Blyton é Dialann Scubaidín atá aistrithe go Gaeilge nádúrtha an lae inniu ag Caitlín Ní Chualáin. Is leabhar greannmhar, spraíúil é seo bunaithe ar dhialann Eilís Allen agus na heachtraí éagsúla a tharlaíonn di agus í ag freastal ar scoil chónaithe.

Aistritheoir
Is craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Caitlín Ní Chualáin. Amhránaí aitheanta sean-nóis í chomh maith agus thug sí léi Corn Uí Riada sa mbliain 2016. Tá leabhair sa tsraith An Seachtar Stuama agus sa tsraith Dónall Dána aistrithe go Gaeilge aici do Chló Iar-Chonnacht.

Údar