Taisce Raga Rua

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Dalen Éireann
AISTRITHEOIR: Gabriel Rosenstock

Achoimre Leabhair
Tá taisce ina luí le fada faoi Mhuir Chairib, taisce Raga Rua, foghlaí mara. Téann Tintin agus a chairde á lorg. Tagann siad ar oileán tréigthe agus ar long bháite… agus aimsíonn siad cisteog a thugann leid nó dhó dóibh. An éireoidh leis na leaideanna na leideanna a thuiscint? Tá fáil ar Tintin i mbreis is 100 teanga agus ba sa bhliain 2013 a foilsíodh i nGaeilge é n chéad uair.

Aistritheoir
Údar ildánach é Gabriel Rosenstock a bhfuil cáil faoi leith air de bharr a chuid filíochta i stíl tanka agus haiku ach tá sé aitheanta freisin mar aistritheoir, úrscéalaí, drámadóir, scríbhneoir don aos óg, blagadóir agus gearrscéalaí. Is ball d'Aosdána é agus i measc na ngradam a bronnadh air tá an bonn Tamgha I Khidmat ó Phoblacht Ioslamach na Pacastáine. Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse an leabhar is déanaí uaidh, maisithe ag Masood Hussain ón gCaismír, fear a dhéanann go leor scannán haiku agus tanka le Gabriel le haghaidh YouTube agus ardáin ilmheán eile.

Údar