FOILSITHEOIR: Futa Fata
ÚDAR: Muireann Ní Chíobháin
MAISITHEOIR: Paddy Donnelly
Achoimre Leabhair
Tá grá mór ag Scúnc beag dá bhréagán bog, Smúirín. Is é Smúirín an compánach is ansa leis ar domhan. An rud is deise faoi Smúirín ná an boladh atá uaidh. Ach lá amháin, cailleann Smúirín a bholadh. An féidir le Mamaí an scéal a chur ina cheart?
Muireann Ní Chíobháin
Is scríbhneoir, craoltóir, aisteoir agus scéalaí í Muireann Ní Chíobháin. Is é Scúnc agus Smúirín an chéad leabhar a d’fhoilsigh sí le Futa Fata. Ainmníodh é ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana KPMG Leabhar Pháistí Éireann 2020.
Paddy Donnelly
Is as Co. Aontroma ó dhúchas do Phaddy Donnelly ach tá cónaí anois air sa Bheilg, áit a chaitheann sé a chuid ama ag maisiú leabhar. Tá cúlra aige sa dearadh grafach agus i gcruthú aipeanna iOS do pháistí faoin mbranda WeeTaps. Nuair nach bhfuil sé i mbun maisiúcháin bíonn sé ag iománaíocht agus ag caoineadh an iar (!) phlainéid Pluto!