Ceol na Síog

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: An tSnáthaid Mhór
ÚDAR: Gráinne Holland
MAISITHEOIR: Andrew Whitson

Achoimre Leabhair
Is cnuasach de 13 amhrán nuascríofa do pháistí é Ceol na Síog. Tá na síoga ag tabhairt cuireadh dúinn cuairt a thabhairt ar an domhan draíochta atá thart timpeall orainn ar fad, domhan an nádúir. Más i measc na mbláthanna atá tú nó ar bharr na gcrann, faoi scáth na lánghealaí nó faoin tonn, tá comhluadar ceolmhar sí ag fanacht leat agus ag súil le véarsaí draíochta a roinnt leat.

Údar
Is as Béal Feirste ó dhúchas do Ghráinne Holland, an t-amhránaí agus scríbhneoir amhrán atá anois ina cónaí i Ríocht na mBeanna Boirche i gContae an Dúin. Tá sléibhte, coillte, lochanna, aibhneacha agus an fharraige thart timpeall uirthi ansin agus is ón ábhar seo, draíocht an domhain nádúrtha, a fhaigheann sí inspioráid dá cuid amhrán. Is léiritheoir agus stiúrthóir í Gráinne Holland chomh maith agus tá sí ag obair in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge ón mbliain 2009. Léirigh sí cláir  do TG4, BBC Gaeilge agus RTÉ. Tá sí ag obair mar léiritheoir, stiúrthóir agus eagarthóir do Rua Media.

Údar