Cluasa Capaill ar an Rí

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Futa Fata
ÚDAR: Bridget Bhreathnach
MAISITHEOIR: Shona Shirley Macdonald

Achoimre Leabhair
Seanscéal é seo faoin misneach a theastaíonn uaireanta leis an fhírinne a insint, is cuma céard a cheapann daoine eile. Nuair a bheirtear páiste do bhanríon na tíre, tá sí féin agus an rí an-bhuartha: tá cluasa capaill ar an bpáiste. An nglacfaidh muintir na tíre lena mac, Labhraí? An mbeidh sé in ann a rún aisteach a choinneáil ar feadh a shaoil, fiú nuair a bheidh sé féin ina rí ar an tír?

Údar
Is údar agus colúnaí í Bridget a rugadh i Nua-Eabhrac agus a tógadh i Ros Muc, i nGaeltacht Chonamara. Tá dhá leabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata: LÚLÚ AGUS AN OÍCHE GHLÓRACH a mhaisigh Steve Simpson agus NÍ MISE A RINNE É! a mhaisigh Donough O’Malley. Aistríodh a saothar go Sínis, Gaidhlig agus Téalainnis. Tá lucht leanúna mór aici dá colún ar chúrsaí teaghlaigh a fhoilsítear go seachtainiúil ar Tuairisc.ie.

Maisitheoir
Is as Siorrachd Obar Dheathain do Shona Shirley Macdonald . I measc na leabhar atá foilsithe aici tá THE MOON SPUN ROUND, cnuasach filíochta le W.B. Yeats a d’fhoilsigh O’Brien Press sa bhliain 2016. Sa bhliain 2018 a foilsíodh THE POOKA PARTY, pictiúrleabhar a scríobh agus a mhaisigh sí. Is í a mhaisigh AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ, an chéad leabhar sa tsraith seo; bronnadh Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don léitheoir Óg, air i 2020. Tá cónaí ar Shona Shirley Macdonlad i nGaeltacht na nDéise, Port Láirge. Bhunaigh sí MIREOG ann i 2014, comhlacht dearaidh a chruthaíonn táirgí éiceabhácha trí mheán na Gaeilge.

Údar