Eachtra ar Oileán na Rún

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Leabhar Breac
ÚDAR: Brian Ó Broin
MAISITHEOIR: Robert Torrans

Achoimre Leabhair
Úrscéal do dhéagóirí óga is ea Eachtra ar Oileán na Rún. Seo í an chéad leabhar i sraith atá á scríobh ag Brian Ó Broin. Seoltar beirt dhéagóirí as Nua-Eabhrac go hÉirinn chun an samhradh ciúin a chaitheamh lena n-uncail agus a n-aintín - beirt seandálaithe atá ag obair ar thochaltán i Loch Deirgirt. Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard- Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán i Loch Deirgirt, Oileán na Rún! Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach mistéireach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin a thuigeann an ceangal sin!

Údar
Is as Gaillimh ó dhúchas do Bhrian Ó Broin ach tá sé ag cur faoi i Nua-Gheirsí, Meiriceá, le blianta fada. Údar ildánach, léachtóir, múinteoir, craoltóir agus ollamh ollscoile in William Paterson University, Nua-Gheirsí, is ea Brian. Tá saothair leis i gcló a bhaineann le réimse leathan ábhar, ina measc, teangeolaíocht, léann na meánaoise agus Iéann na hÉireann. Tá roinnt duaiseanna Oireachtais buaite aige as a chuid úrscéalta agus drámaí, agus cuireadh a dhráma, Na hEorpaigh, ar stáitse i dTaibhdhearc na Gaillimhe sa bhliain 2002.

Bhí sé ina Uachtarán ar an gCumann Meiriceánach um Léann na Meánaoise agus ar choiste Chomhdháil Mheiriceánach um Léann na hÉireann. Tá suim freisin aige i bhforbairt na Gaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht agus d’fhoilsigh sé an leabhar Thógamar le Gaeilge iad ar an ábhar seo sa bhliain 2012.

Údar