Go Ceann Scríbe

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Futa Fata
ÚDAR: Ailbhe Nic Giolla Bhrighde
MAISITHEOIR: Lauren O'Neill

Achoimre Leabhair
Scéal beirt chara, Maidhcí agus Joe, nach bhfuil ag réiteach ró-mhaith lena chéile é seo.  Tá siad ag tógáil róbat le chéile do chomórtas mór náisiúnta na scoileanna.  Tá Maidhcí faoi bhrú agus sa bhaile níl a Mham ná a Dhaid ag réiteach lena chéile ach an oiread. An féidir le Maidhcí deireadh a chur leis an trioblóid seo go léir agus an saol a chur ina cheart arís? An éireoidh leo ceann scríbe a bhaint amach?

Údar
Is Conallach í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde atá ina cónaí i nGaillimh.  Tá blianta fada caite aici ag scríobh don teilifís, ag cumadh scéalta agus ag scríobh scripteanna do chláir theilifíse, ina measc, Ros na Rún (TG4), Aifric (TG4), Seacht (TG4/BBC), Géibheann (TG4) agus Fair City (RTÉ).  Tá dhá pictiúrleabhar do pháistí léi foilsithe ag Futa Fata, Cócó an Colgán Cairdiúil agus Cáca don Rí.  Tá a cuid leabhar aistrithe go Sínis, go Cóiréis, go Téalainnis agus go Gaidhlig.

Údar