Ríta agus an Lampa Draíochta

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: An tSnáthaid Mhór
ÚDAR: Máire Zepf
MAISITHEOIR: Andrew Whitson 

Achoimre Leabhair
Is cailín beag í Rita a bhfuil smaointe móra aici. Ba mhaith léi lampa draíochta agus ginid a thabharfadh gach mian a croí di.
Alacazám! Alaca- zaí! Zim Zam Alacazú!
Ach bíonn níos mó ná máistir amháin ag ginid, nach mbíonn?

Údar
Scríbhneoir agus aistritheoir as Co. an Dúin í Máire Zepf. Sa bhliain 2017 ceapadh í ina Comhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí in Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, an chéad duine riamh a raibh an ról sin aici.

Tá 12 leabhar do dhaoine óga scríofa ag Máire Zepf, ina measc pictiúr-leabhair agus úrscéal véarsaíochta do dhéagóirí. Tá a cuid leabhar aistrithe go hocht dteanga eile agus ar fáil in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Is Stiúrthóir Ealaíne í ar Quotidian – Word on the Street. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2020 ar a úrscéal, Nóinín, ag Gradam Leabhar Pháistí Éireann KPMG agus bhain sí Gradam Réics Carló 2020 amach lena leabhar An Féileacán agus an Rí.

Údar