Sa Teach Seo Anocht

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Cló Iar-Chonnacht
ÚDAR: Micheál Ó Conghaile

Achoimre Leabhair
Is úrscéal nua é seo ó pheann Mhíchíl Uí Chonghaile. Insíonn an leabhar seo scéal fear atá ar tí siúl amach agus a theach a fhágáil, an teach inar rugadh agus tógadh é, agus a theaghlach ina dhiaidh.

Micheál Ó Conghaile
Rugadh Micheál Ó Conghaile in Inis Treabhair i gConamara. Is mar scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne air, go háirithe ó foilsíodh a dara chnuasach gearrscéalta, An Fear a Phléasc sa bhliain 1997. Tá idir fhilíocht agus phrós, leabhair do pháistí, drámaí agus aistriúcháin foilsithe aige. Tá riar mhaith leabhar faoi amhránaíocht na Gaeilge curtha in eagar aige chomh maith, ina measc, Leabhar Mór na nAmhrán (2013). I measc na saothar dá chuid atá foilsithe i mBéarla, tá The Connemara Five (2006), The Colours of Man (2012), agus Rambling Jack (2015). Is é Diabhlaíocht Dé (2015) an cnuasach gearrscéalta is deireanaí uaidh.

Údar