Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Féinfhoilsithe
ÚDAR: Noel Ó Gallchóir

Achoimre Leabhair
Tá cuntas sa leabhar seo ar Chumann Drámaíochta Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó 1931 go 1981, ar na drámaí a léirigh siad, na dúshláin a sháraigh siad, na duaiseanna a bhuaigh siad agus na héachtaí eile a rinne siad i gcaitheamh na mblianta sin. Tá léargas le fáil ar stair Ghaoth Dobhair san fhichiú haois agus ar na pearsana ba mhó a bhí páirteach in Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó bunaíodh an cumann, ina measc, Áine Nic Giolla Bhríde, a bhí ina ceann feadhna agus ina cnámh droma ag an gcumann ar feadh bhunús mór an ama sin.

Údar
Is scríbhneoir agus drámadóir é Noel Ó Gallchóir atá ina chónaí i nGort an Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá suim faoi leith aige sa stair áitiúil agus sa litríocht, agus tá ailt foilsithe go forleathan aige ar na hábhair sin. Tá baint aige leis an mBéal Binn agus le hÉigse Uladh chomh maith agus ba bhall é d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus d’Aisteoirí Ghort an Choirce.  Tá gradaim náisiúnta buaite aige i gcomórtais éagsúla, lena n-áirítear an tOireachtas, Scór agus féilte drámaíochta. Sa bhliain 2011, chuir Noel an leabhar Trasna an Ghaoith: Scríbhinní Johnny Sheáin i dtoll a chéile, bailiúchán de shaothar scríofa a athar, Seán Ó Gallchóir (1912–84). Tá aitheantas bainte amach ag Noel mar dhrámadóir le blianta beaga anuas agus camchuairteanna déanta aige leis na seónna aonair Idir Dhá Cheann na hImní (2015), Ó Pheann an Phiarsaigh (2016) agus Máire (2019). Bronnadh Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker air in 2015.

Údar