Madame Lazare

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Barzaz (inphrionta de chuid Futa Fata)
ÚDAR: Tadhg Mac Dhonnagáin

Achoimre Leabhair
Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa agus í ina cailín óg.  Is í an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

Údar
Bíonn Tadhg Mac Dhonnagáin ag plé le réimse leathan scríbhneoireachta, idir leabhair, scripteanna don scáileán agus amhráin. I measc na ngradam atá buaite ag a shaothar tá Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló, Gradam Speisialta Children’s Books Ireland agus an Gradam White Raven ón Internationale Jugendbibliotek sa Ghearmáin. Is é seo an chéad úrscéal óna pheann.

Údar