Órchiste Nollag

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Oidhreacht Chorca Dhuibhne
ÚDAR: Máirín Uí Shé

Achoimre Leabhair
Scéal na Nollag ó thús atá sa leabhar seo, bunchloch na n-iontaisí - an oidhreacht iontach, an traidisiún idir dhúchas agus iasacht ar dhein ár muintir a gcuid féin i gcónaí de ó theacht na Críostaíochta. Sa leabhar, tá scéalta, carúil, dánta, nósanna, cín lae, cuimhní cinn, ealaín agus seanfhocail a bhaineann leis an Nollaig. Tá an scéal ar fad curtha os ár gcomhair anseo san Órchiste.

Údar
Iarphríomhoide bunscoile í Máirín Uí Shé.  Tá roinnt leabhar eisithe aici thar na mblianta, ina measc, Aoibhinn Beatha an Scoláire ina bhfuil eolas agus béaloideas ó bhailte dúchais a cuid daltaí scoile, ábhar a chnuasaigh siad nuair a bhí siad faoina cúram agus í ag múineadh i Scoil Naomh Eirc. Tá suim thar na bearta ag Máirín sa Ghaolainn, sa bhéaloideas agus in oidhreacht ársa Chorca Dhuibhne.

Údar