Rúin Oscailte

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Coiscéim
ÚDAR: Áine Ní Ghlinn

Achoimre Leabhair
Cnuasach filíochta atá sa leabhar seo ina bhfuil réimse leathan téamaí, ina measc, téamaí a bhaineann le mná, le cúrsaí báis, le cúrsaí foréigin, le cearta na mban, leis an bpaindéim agus go leor eile.

Údar
File, scríbhneoir agus léachtóir í Áine Ní Ghlinn. Is í Laureate na nÓg faoi láthair, don tréimhse 2020 – 2022. Tá 32 leabhar foilsithe aici, cnuasach filíochta do dhaoine fásta, cnuasach filíochta do dhaoine óga, cnuasach miotaseolaíochta d'fhoghlaimeoirí fásta, drámaí, scéalta agus úrscéalta do dhaoine óga (do dhéagóirí agus do pháistí). Bronnadh Patrick Kavanagh Fellowship uirthi sa bhliain 2019. I measc na nduaiseanna atá buaite aici tá Duais Fhoras na Gaeilge, Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail 2019 & 2020, Duais de hÍde, Féile Bhéal na mBuillí 2019 & 2020 agus Gradam Reics Carló faoi thrí - do na leabhair Daideó (2014), Hata Zú Mhamó (2016) Boscadán (2019) agus tá duaiseanna Oireachtais eile bronnta uirthi do dhrámaí agus d’úrscéalta.

Údar