Gradam Uí Shúilleabháin
- Leabhair i nGaeilge (pró, filíocht, drámaíocht &rl) a foilsíodh sa tréimhse, 16 Iúil 2021 – 15 Iúil 2022;
- Ní ghlacfar le comheagráin;
- Ní ghlacfar le haistriúcháin.
Gradam Réics Carló
- Leabhair do dhaoine óga suas go dtí 15 bliana d’aois, i nGaeilge & a foilsíodh sa tréimhse, 16 Iúil 2021 – 15 Iúil 2022 amháin atá incháilithe;
- Ní ghlacfar le comheagráin;
- Ní ghlacfar le haistriúcháin.
Gradam de Bhaldraithe
- Leabhair atá aistrithe go Gaeilge agus a foilsíodh sa tréimhse, 16 Iúil 2021 – 15 Iúil 2022 amháin atá incháilithe le hiontráil sa chomórtas seo;
- Glacfar le haistriúcháin ó theanga eile ar bith, Béarla san áireamh.
Critéir Mharcála
Déanfar moltóireacht ar an gcritéir seo a leanas don trí ghradam:
- ÁBHAR - Oiriúnacht don spriocmhargadh, lena n-áirítear téama/scéal, eitic & cur i láthair;
- DEARADH - Téacs, clúdach, léaráidí, íomhánna, leagan amach agus an dea-chleachtas foilsitheoireachta i gcoitinne;
- TEANGA - Gaeilge dheascríofa, sothuigthe beag beann ar chanúint (gan cur isteach ar ábhar ná insint an scéil) agus eagarthóireacht chóipe chruinn, thuisceanach; agus
- MARGADH - Tarraingteacht don mhargadh léitheoireachta, ag áireamh gné uathúil díolacháin.
Foirm iarratais ar fáil anseo.
Spriocdháta d'iarratais: 15 Iúil 2022