GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
Béal na Péiste
Údar: Fionntán de Brún - €2,500
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht - €5,000
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
AMUIGH FAOIN SPÉIR
Údar: Sadhbh Devlin - €1,250
Maisitheoir: Brian Fitzgerald - €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
CUAIRT SAN NIOCLÁS
Aistritheoir: Darach Ó Scolaí - €500
Foilsitheoir: Leabhar Breac - €1,500
Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair 2023, d'fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta 2023 mar chuid d'ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), Baile Átha Cliath. Is í Cathaoirleach an Fhorais, Regina Uí Chollatáin i dteannta Uachtarán an Oireachtais 2023, Gearóid Denvir agus Cathaoirleach Bhord Stiúrtha an Oireachtais, Stiofán Ó Mórán, a rinne an bronnadh.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Cló-Iar Chonnacht, ar son an leabhair, Béal na Péiste le Fionntán de Brún. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Amuigh Faoin Spéir a scríobh Sadhbh Devlin agus a mhaisigh Brian Fitzgerald. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Leabhar Breac, ar son an leabhair, Cuairt san Nicolás a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.