GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta
Crainn & Toir
Údar: Máirín Uí Chonchubhair - €2,500
Foilsitheoir: Dingle Publishing - €5,000
GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg
NA TRÍ MHUICÍN
Údar: Áine Ní Ghlinn - €1,250
Maisitheoir: Paddy Donnelly - €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000
GRADAM DE BHALDRAITHE Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile
ATHMHÁTHAIR
Aistritheoir: Máire Nic Mhaoláin - €500
Foilsitheoir: Éabhlóid - €1,500
Dé Luain, 23 Meán Fómhair 2024, d’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2024 ag ócáid mhór cheiliúrtha d’fhoilsitheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge in Amharclann Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc i nGaillimh.
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an teach foilsitheoireachta, Dingle Publishing, ar son an leabhair, Crainn & Toir le Máirín Uí Chonchubhair. Is ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar Na Trí Mhuicín a scríobh Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Éabhlóid, ar son an leabhair, Athmháthair, aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia.