FOILSITHEOIR: Dalen Éireann
ÚDAR: Jean Léturgie, Simon Léturgie & Richard Di Martino
AISTRITHEOIR: Seaghan Mac an tSionnaigh
Achoimre an Leabhair
Úrscéal grafach do dhaoine óga atá sa leabhar seo. Ní fada ó cailleadh máthair Líse, ach ní chuirfidh sé sin aon stop leis an gceiliúradh a bhí beartaithe aici dá fichiú breithlá. Cumann Pól manglam marfach amach as na biotáillí aduaine i gcúinní na cistine, agus cuireann Neidí a phutóga amach dá thoradh - a chuid urlacain síos le fána agus isteach sa reilig in aice láimhe. Mealltar dá réir sin drong zombaithe ar chuireadh gan iarradh chun na cóisire.