FOILSITHEOIR: Dalen Éireann
ÚDAR: Rene Goscinny & Maurice de Bevere
AISTRITHEOIR: Antain Mac Lochlainn
Achoimre an Leabhair
Is Sasanach uasal é Beinidict Badmantan, atá tagtha go hiarthar Mheiriceá chun cónaí sa rainse a d'fhág a uncail aige. Tá sé meáite ar shaol nua a thosú i measc na mbuachaillí bó, is cuma cé acu fáilte nó doicheall atá roimhe. Tugann Lúcás Lúfar neart comhairle agus cúnaimh dó chun dul i ngleic leis an gcomhcheilg atá ceaptha ag Taidhgín Gaimbín.















