4.30 p.m. | TEACH le hEMER O'FLAHERTY Léamh filíochta dátheangach mar aon le scór ceoil. Cruthaíonn an cnuasach nua dánta dátheangacha seo pictiúir chorraitheacha de theach na hóige in imeacht na mblianta. Arna tacú ag Foras na Gaeilge, is í an ceoltóir agus an t-amhránaí Emer O’Flaherty a scríobh na dánta agus an ceol, agus an saothar á léamh ag ealaíontóir i réimse na bhfocal labhartha, Joanne Callinan. Sa dlúthspás i Leabharlann Inis Díomáin, is ócáid an-speisialta i bhféilire Oíche Chultúir a bheidh ann. Ionad: Leabharlann Inis Díomáin, An Chearnóg, Inis Díomáin, Co. an Chláir, V95 V99D |
8.00 p.m. | OÍCHE AMHRÁNAÍOCHTA, CHEOIL AGUS SCÉALAÍOCHTA TRÍ GHAEILGE le OIDHREACHT AN CHLÁIR Rogha leathan d'Amhráin Ghaeilge Iarthar an Chláir, idir shean agus nua, agus an ceol agus seanchas a ghabhann leo, á gcasadh agus á gcur i láthair ag Diarmuid de Faoite, Therese McInerney, Emer O Flaherty, agus Edel Vaughan. De bhun taighde atá déanta aige le tamall, faoi thogra atá maoinithe ag Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) agus Oifig Ealaíon an Chláir, tá os cionn 100 amhrán as Gaeilge ó Chontae an Chláir aimsithe ag Diarmuid de Faoite . Casfar rogha maith díobh sin ar an oíche, cuid mhaith le tionlacan, seinnfear ceol, agus inseofar scéalta a bhaineann leo agus leis an gceantar. Seo seans do phobal an cheantair léargas nua a fháil ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta Ghaeilge an Chláir, atá ligthe i ndearmad beagnach go hiomlán, trí amhráin Ghaeilge (idir shean agus nua) a bhaineann le hIarthar an Chláir a chlos don chéad uair le fada. Ionad: Áras Oidhreacht an Chláir, Bóthar na Leac, Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, V95 KD98 |