5.00 p.m. | ABAIR AMHRÁN LINN le GAEL LINN Ócáid thaitneamhach ina mbeidh an pobal á ghríosadh ag amhránaí chun amhráin chlúiteacha a foghlaimaíodh ar scoil a chanadh. Beidh focail na n-amhrán ar fáil. Ionad: Oifig Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, D02 H797 |
5.45 p.m. | TURAS TREORAITHE AR CHAMPAS CHOLÁISTE NA TRÍONÓIDE Turais threoraithe trí Ghaeilge ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Faigh léargas ar an ollscoil is sine in Éirinn, ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Mairfidh gach turas thart ar 30-40 nóiméad agus tosóidh siad ag 5.45pm, 6.30pm agus 7.15pm ón Campanile. Ionad: Campanile ar Champas Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2, V02 XW40 |
6.00 p.m. | TURAS TREORAITHE IN UIMHIR A 6 Turas treoraithe ar Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Gheofar léargas ar stair an tigh inar cuireadh deireadh le parlaimint, inar bunaíodh ollscoil, agus inar cruthaíodh stát nua! Ionad: Ceannáras Chonradh na Gaeilge, Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98 |
6.30 p.m. | Ó BHAILE NA MANACH GO SCOIL LORCÁIN: SIÚLÓID STAIRIÚIL Siúlóid Stairiúil i mBaile na Manach / Rinn na Mara, faoi stiúir Shéamuis Uí Chanainn agus fáiltiú ina diaidh i Scoil Lorcáín. Ag bualadh lena chéile ag Ardán Longfort, Bhaile na Manach ag 6.30in agus ag críochnú na siúlóide ag Scoil Lorcáin, Cearnóg Eaton le ócáid shóisialta sa scoil ag 8.00in. Ionad: Ardán Longfort, Bhaile na Manach - Scoil Lorcáin, Cearnóg Eaton, Co. Bhaile Átha Cliath |
7.30 p.m. | TURAS AR ÁRAS CHRÓNÁIN & SEISIÚN CEOIL Turas ar ardionad cultúir Átha Cliath, Áras Chrónáin, teach Seoirseach ó 1840, ceannáras Mhuintir Chrónáin. Tosóidh an turas ag 7.00i.n. agus leanfaidh an oíche ar aghaidh le scoth de rince, de cheoil traidisiúnta, d'amhránaíocht agus caint do chách, ó 8.30i.n. Ionad: Áras Chrónáin, Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath, D22X856 |
7.30 p.m. | GIG OÍCHE CHULTÚIR I GCLUB CHONRADH NA GAEILGE Reáchtálfar oíche mhór istigh i gClub Chonradh na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir - áit a mbeidh ceol, siamsaíocht agus fearadh na fáilte roimh gach duine. Tabharfaidh an ócáid deis do dhaoine cuairt a thabhairt ar an ionad seo atá lárnach i saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le breis agus 50 bliain, agus tuiscint níos doimhne a fháil ar na himeachtaí rialta a bhíonn ar siúl san íoslach in Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Ionad: Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98 |