4.00 p.m. | CAINT & CEOL Ceardlann dátheangach amhránaíochta le Michelle Nic Pháidín arna eagrú ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin le ceiliúradh a dhéanamh ar Oíche Chultúir 2023. Ní gá réamheolas a bheith agat le freastal. Ionad: Halla na Cathrach, Doire, Co. Dhoire, BT48 7BB |
6.00 p.m. | OÍCHE CHULTÚIR BHAILE NA SCRÍNE le GLÓR NA SPEIRÍNÍ Tosóidh scannán Gaeilge ar 6.00 p.m. mar chuid den oíche seo fá choinne páistí / déagóirí Gaelscoileanna in Ionad Ghlór na Speiríní. Cuirfidh ceoltóirí áitiúla tús leis an cheol ina dhiaidh seo agus beidh ciorcal comhrá agus sólaistí ar fáil. Ba mhaith linn tuilleadh daoine a mhealladh chuig na ranganna oíche a bhíonn ar siúl againn agus le eolas a roinnt maidir leis na himeachtaí atá ar siúl le linn na bliana. Ionad: Glór na Speiríní, 82 Bóthar na Sé Bhailte, An Srath, Baile na Scríne, Co. Dhoire, BT45 7BB |
7.30 p.m. | CIORCAL COMHRÁ & SEISIÚN CEOIL le GLÓR MHACHAIRE FÍOLTA Siúlóid treoraithe ag tosú ar 5.30 p.m. ó Ghaelscoil an tSeanchaí go dtí Poll Phádraig i Machaire Fíolta. Beidh seisiúin ceoil ag tosú ar 7.30 p.m. fá choinne páistí óga agus daoine fásta a bheas á leanstan. Is deis iontach é do dhaoine teacht le chéile agus úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge. Ní amháin gur faill é le teacht le chéile, is dóigh iontach é le aithne a chur ar dhaoine atá ag dul don Ghaeilge. Ionad: Flax Inn, Machaire Fíolta, Co. Dhoire, BT 45 5ED |
OÍCHE CHEOIL: CEILIÚRADH AR AN CHEOLTÓIR ÁITIÚIL JOE DIAMOND le COISTE FORBARTHA CHARN TÓCHAIR Beidh caint ar stair áitiúil le ceol traidisiúnta agus seisiún cois tine ina dhiaidh. Ionad: An Carn, 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH |