9.30 p.m. | ÁIRNEÁN SA CHEARNÓG Tá cáil i bhfad agus i gcéin ar Lios Tuathail don litríocht ach cuirtear béim láidir ar na healaíona traidisiúnta fré chéile ar an mbaile freisin. Seo taispeántas spleodrach de Cheol agus Amhránaíocht Thraidisiúnta, Scéalaíocht, Filíocht agus Damhsa ar an Sean-Nós. Ceiliúradh ghaelach ar oidhreacht shaibhir Thuaisceart Chiarraí ar Oíche Chultúir le plúr na n-aíonna. Déanfaidh baill áitiúla ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann taispeáint den saothar leathan atá acu i réimse na healaíona thraidisiúnta, idir cheoil uirlíse, amhránaíocht agus rince. Léifidh fear an tí, an file cumasach Gabriel Mac Muiris ó Mhaigh Mheáin, roinnt dá chuid filíochta agus cuirfidh sé i láthair aíonna speisialta eile ar an oíche. Ionad: Amharclann & Ionad Ealaíona Naomh Eoin, An Chearnóg, Lios Tuathail, Co. Chiarraí, V31 V223. |