3.00 p.m. 4.00 p.m. |
COCHAILLÍN DEARG le COIS LAOI PRODUCTIONS Bígí linn do Chochaillín Dearg, dráma idirghníomhach dátheangach dírithe ar pháistí óga. An féidir libh cabhair a thabhairt do Chochaillín turas a thabhairt ar Mhamó? Tá í féin agus Mamaí tar éis go leor cistí a bhácáil di. Ach, beidh oraibh súil a choimeád amach don mhac tíre grána, tá fonn air ceann dos na cistí a thógaint!! Beidh go leor amhráin nua-aimseartha, damhsa, spórt agus spraoi agaibh ar an turas draíochtúil le Cochaillín! Ionad: Ardán Ceolbhuíne, Páirc an Phobail, Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, T12 EKT3 |
5.00 p.m. | GEARRSCANNÁIN GAEILGE le CORK INTERNATIONAL FILM FESTIVAL Gearrscannáin Gaeilge le Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Chorcaí. Mairfidh an clár thart ar 45 nóiméad is beidh sé ar fáil ar líne saor in airce idir 5.00 p.m. agus 10.00 p.m. Ionad: www.corkfilmfest.org |
5.00 p.m. | GEANTRAÍ, GOLTRAÍ & SUANTRAÍ Imeacht cheoil agus filíochta le ceoltóirí agus filí á óstáil ag Paul Ó Colmáin i measc taispeántas ealaíne álainn Tom Weld. Ionad: Working Artist Studios, Béal an Dá Chab, Co. Chorcaí, P81 H771 |
6.00 p.m. | STAIR AR NA SRÁIDEANNA le CARRAIG AG CAINT Beidh muintir na Fianna, Tír na n-Óg agus scéalta an bhéaloideas ag siúl na sráideanna i Carraig Uí Leighin.Beidh breis agus deich gcarachtair ag siúl timpeall ag caint le daoine faoin saol a bhí acu agus cad a tharla dóibh . Beidh nod-chartaí acu chun cabhrú le daoine ceisteanna a chur orthu. Ionad: Sráideanna Charraig Uí Leighin, Co. Chorcaí |
7.00 p.m. | SIOBHAN DE PAOR: FILE PHORT LÁIRGE I MBUN CÚIRTE LE FILÍOCHT & FOCAL LABHARTHA Beidh file Phort Láirge Siobhan de Paor i mbun cúirte le filíocht agus focal labhartha in atmaisféar álainn Teach Richmond le haghaidh oíche ceoil, le giotáir snagcheoil giofógach, ceol traidisiúnta, damhsa agus filíocht. Ionad: Teach Richmond, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, P61 T292 |
8.00 p.m. | SEAN NÓS & DÁNTA Tá an t-amhránaí sean-nóis Máire Ní Chéileachair agus an file Eibhlís Carcione ag teacht le chéile don seisiúin speisialta seo d'fhilíocht agus den fhocal labhartha. Is amhránaí clúiteach í Máire a bhfuil léachtanna déanta aici ar an sean-nós in Ollscoil Chorcaí. Is file iomráiteach í Eibhlís a bhfuil trí chnuasach filíochta dá cuid foilsithe ag Coiscéim. Tá muid ag dúil go mór leis an oíche speisialta seo. Ionad: Leabharlann Chathair Chorcaí, 61 Sráid an Chapaill Bhuí, Co. Chorcaí, T12 NT99 |
8.00 p.m. | SCANNÁN AS GAEILGE le CUMANN AN PHOBAIL CHNOCÁN NA BIOLRAÍ Beidh scannán Gaeilge ar siúl i nDánlann Chnocán na Biolraí mar chuid d'Oíche Chultúir. Ionad: First Fruit Arts Centre, Bóthar Chorcaí, Cnocán na Biolraí, Co. Chorcaí, T56 HY07 |
9.00 p.m. | CÉILÍ LE GRÚPA TRAIDISIÚNTA ABHAINN NA BAOI Beidh Céilí ar súil i halla an CLG le Fear an Tí ag tabhairt treoracha as Gaeilge. Ionad: CLG Charraig Uí Leighin, Bóthan Bhun an Tábhairne, Co. Chorcaí, P43 K025 |
9.30 p.m. | PREAB-GHAELTACHT Bí linn don Phreab-Ghaeltacht i Mala le tráth na gceist, rince, amhránaíocht agus ceol. Ionad: Bridge House Bar, Baile Dáithín Thoir, Mala, Co. Chorcaí, P51 TP63 |