5.00 p.m. | OSCAILT OIFIGIÚIL NA FÉILE & TRÁTHNÓNA AIRNEÁIL le MAYNESTAGE Oscailt Oifigiúil na Féile & Tráthnóna Áirneáil i dteannta ceoltóirí agus amhránaithe á chur ar siúl mar chuid de Boyne TradFest i nDroichead Átha idir an 22ú - 24ú Meán Fómhair 2023. I measc na dtaibheoirí beidh Máire Ní Choilm as Gaoth Dobhair, amhránaí ar an tsean-nós a bhain Corn Uí Riada i 2019 ag Oireachtas na Samhna, eagraí na féile Gormlaith Maynes as Droichead Átha ar an gconsairtín, Patricia Clark (fidil), Naoise Kettle (giotár) & Sarah Bourke (bodhrán). Is féidir eolas faoi na himeachtaí a fháil ar an suíomh greasáin www.boynetradfest.ie Ionad: The Tholsel, An tSráid Thiar, Droichead Átha, Co. Lú, A92 CF29 |