6.00 p.m. | CUISLE SEANCHAS ABAIR LEAT le COISTE FORBARTHA DHOBHAIR TEO Oíche airneáil le haoi speisialta. Beidh an duine seo ag insint faoi a saol féin ina cuid focail féin. Bí linn! Ionad: Stiúideo Cuisle Ceoil, Ionad Naomh Pádraig Dobhair, An Bhun Bheag, Co. Dhún na nGall |
7.30 p.m. | CEOL & COMHLUADAR Buail isteach chuig oifig Líonra Leitir Ceanainn i lár an bhaile fá choinne ceol agus comhrá, craic agus comhluadar. Beidh ceoltóirí áitiúla linn don imeacht chun ceol a sheinm agus amhráin a chanadh. Beidh fáilte roimh rannpháirtithe gléasanna ceoil a thabhairt isteach leo fosta nó amhráin i nGaeilge a chanadh. Beidh sólaistí deasa againn, cupán tae nó caife nó fiú gloine fíona! Beidh deis agat bualadh le daoine eile, comhrá a bheith acu, tuilleadh a fhoghlaim faoi obair Líonra Leitir Ceanainn agus sult a bhaint as an chraic agus as an chomhluadar! Imeacht galánta neamhfhoirmiúil a bheidh againn don Oíche Chultúir agus beidh fearadh na fáilte romhat bualadh isteach chuig oifig Líonra Leitir Ceanainn ar feadh tamaillín nó don tráthnóna iomlán! Ionad: Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YP93 |