Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le Street Feast, chun Féastaí Sráide trí Ghaeilge a chur ar siúl ó cheann ceann na tíre i mbliana.
Tá srianta Covid-19 laghdaithe agus muintir na hÉireann ag dul i dtaithí ar an saol sóisialta arís…céard eile a bheadh uainn ach cóisir?! Is sraith lónta pobail í Féasta Sráide ina dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarraithe, i hallaí pobail nó eile. Tógann gach duine rud le hithe leo agus roinntear an béile le chéile agus ár ndóigh, bíonn craic, ceol agus cairdeas ann.
Is é Dé Dómhnaigh, 26 Meitheamh 2022, an Lá Náisiúnta do Féasta Sráide ach tá fáile roimh ghrúpaí Gaeilge Féasta Sráide s'acu féin a reáchtáil idir: 26 Meitheamh - 31 Lúnasa 2022.
Is deis iontach é seo do ghrúpaí pobail agus áitiúla, do Ghaelscoileanna, d'Oifigigh Pleanála Teanga, do chomharchumainn Ghaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Gaeilge a mbeidh á cur chun cinn go náisiúnta. Ní bheadh mórán oibre i gceist, seachas ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil. Chomh maith leis sin, cuirfear pacáiste tacaíochta chuig na grúpaí a reáchtálann Féasta Sráide roimh 31 Lúnasa 2022!
Céard atá sa phacáiste tacaíochta?
Bratacha
Treoir leabhar
Póstaeir
Cuiridh
Lipéid miasa
Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin Féasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa. Is coincheap simplí é atá dírithe ar phobal a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú. Is bealach iontach é freisin leis an nGaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn i do cheantar.
Seo liosta do na Féastaí Sráide a bheidh ar siúl ar siúl timpeall na tíre:
Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall – 26 Meitheamh 2022 (Déan teagmháil le Dónall Ó Cnáimhsí)
Maigh Cuileann, Co. na Gaillimhe – 3 Iúil 2022 (Déan teagmháil le Ándrea Uí Thaidhg)
Baile na Scríne, Co. Dhoire – 8 Iúil 2022 (Déan teagmháil le Conchúr Ó Muirí)
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall – 15 Iúil 2022 (Déan teagmháil le Oisín Mac Eó)
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe – 27 Lúnasa 2022 (Déan teagmháil le Majella Ní Chríocháin)
Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain – 28 Lúnasa 2022 (Déan teagmháil le Damien Ó Néill)
Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall – 31 Lúnasa 2022 (Déan teagmháil le Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh)
Tuilleadh eolais: emer.niclabhrai@