4.00 p.m. | Ó PHINN FADÓ le MÁIRTÍN DAVY Plé oscailte faoi Sean Leabhair Gaeilge chómh maith lena chnuasach nua gearrscéalta féin, Learaí an Cheoil agus Scéalta Nua. Ionad: Óstán Ardilaun, An Bóthar Ard, Gaillimh, Co. na Gaillimhe, H91 H29F |
5.00 p.m. | CEILIÚRDH AR MHICHEÁL MAC SUIBHNE le CUMANN DRAMAÍOCHTA CHORR NA MÓNA Comóradh ar an bhfile Micheál Mac Suibhne (1760 - 1820) a chaith formhór a shaoil in iarthar Chonamara. Tá cáil ar a chuid amhráin An Púca, Bainis Pheigí Ni Eaghra, Murchadha Beag O Maoláin agus go leor eile, chomh maith leis an dán cáinteach Iorras Fhlionnáin. Maireann a cháil sa tseanchas i measc an phobail agus i measc muintir Shuibhne atá fós breá bríomhar in iarthar Chonamara. Scríobh an staraí Hardiman faoi sa mbliain 1846 agus bhailigh Tomás Ó Máille a chuid amhráin ón bpobal don leabhar Micheál Mac Suibhne agus Filidh an tSléibhe i 1934. Tiocfaidh aisteoirí, fonnadóirí agus gaolta leis an tSuibhneach le chéile lena shaol agus a shaothar a cheiliúradh. Páirteach beidh Cumann Dramaíochta Chorr na Móna, Máirín Uí Chéide, Orla Ní Fhinneadha, Seán O Coistealbha, Colm Seoighe agus Micheál O Gionnáin. Is duine de mhuintir Mhic Suibhne í an tOllamh Irene Whelan agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar shaol an tSuibhnigh. Ionad: Amharclann Theach an Stáisiúin, An Clochán, Co. na Gaillimhe, H71 HN53 |
7.00 p.m. | CEARDLANN EALAÍONA Reachtálfar Ceardlann Ealaíona leis an Ealaíontóir Róisín Curé in Ionad Pobail Bhaile an Doirín ar feadh uair go leith. Beidh daltaí ag foghlaim conas tarraingt agus dáthú ó ghriangrafanna a bheidh le feiceáil ar scáthlán mór sa halla. Ionad: Ionad Pobail Bhaile an Doirín, Baile an Doirín, Cill Cholgáin, Co. na Gaillimhe, H91 TC65 |