Cuireann an Little Cinema sár thaispeántas de ghearr scannáin ar bun uair sa mhí sa Róisín Dubh i nGaillimh. Tugann siad ardán do scannánóirí do gach chineál, scannánóirí úra san áireamh a cuid saothair a thaispeáint don phobal. Freastalaíonn thart ar 100 duine ar na hócáidí seo, ina mbíonn na scannánóirí féin i láthair lena saothair a phlé. Le linn Sheachtain na Gaeilge, reáchtáiltear taispeántas speisialta scannáin Gaeilge i gcomhar leis an Oireachtas.