Cuirfear saothar úr ealaíon bunaithe ar scéal faoi thuras a rinne iascairí as Carna i gConamara ó Cill Chaoil i gCo. an Dúin ar ais go Carna siar sna 1950aidí ar taispeáint in ionaid éagsúla i Mí na Bealtaine agus Mí an Mheithimh 2018.
Thug Oireachtas na Gaeilge cuireadh do bheirt ealaíontóirí as Conamara freagairt don scéal eachtraíochta seo agus is torthaí a gcuid oibre atá sa taispeántas.
Chuir Ceara Conway ensemble ar leith, ‘Water Ensemble’ le ceathrar ban eile le chéile don choimisiún seo, chun na cúig bhád a léiriú mar chúig ghlór agus le scéalta ceilte na mban sa scéal a chur in iúl.
In ‘Idir Dhá Linn’ le Nuala Ní Fhlathúin i bpáirt leis an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn, baintear úsáid as seanghrianghraif, as tuairisc sna páipéir nuachta a foilsíodh ag an am agus as ‘comhraí catha’ (sléachtanna ornáideacha, rithimiúla ón seantraidisiún scéalaíochta) chun spás samhaltach a chruthú don lucht féachana. I dteannta leis seo beidh Máirín ag cur píosa scéalaíochta nua-chumtha i láthair.
Choimisiúnaigh Oireachtas na Gaeilge an saothar seo le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ó Uiscebhealaí Éireann agus ó Bhord Iascaigh Mhara/Flag West.