4.00 p.m.
|
CAINT LE SINÉAD NÍ MHAONAIGH le DÁNLANN RHA Tabhair cuairt ar an RHA d'Oíche Chultúir, áit a labhróidh an t-ealaíontóir Sinéad Ní Mhaonaigh, AHRA, faoina cuid oibre atá ar taispeáint san RHA. IONAD: Dánlann RHA, 15 Plás Íle, Baile Átha Cliath 2
|
5.00 p.m.
|
ABAIR AMHRÁN LINN le GAEL LINN Ócáid thaitneamhach ina mbeidh an pobal á ghríosadh ag amhránaí chun amhráin chlúiteacha a foghlaimaíodh ar scoil a chanadh. Beidh focail na n-amhrán ar fáil. IONAD: Ceannáras Gael Linn, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
|
5.00 p.m.
|
TAISPEÁNTAIS: CEOL TRAIDISIÚNTA & RINCE NA SCUAIB le SLÍ DHÁLA COMHALTAS Beidh roinnt ceoltóirí óga ag seinm ceoil traidisiúnta. Beidh taispeántais damhsa ann agus beidh an slua in ann páirt a glachadh le Damhsa na Scuaib! IONAD: Ionad an Pharóiste, Baile Bhláinséir, Baile Átha Cliath 15
|
5.45 p.m.
6.30 p.m.
7.15 p.m.
|
TURAIS THREORAITHE AR CHAMPAS STAIRIÚIL CHOLÁISTE NA TRÍONÓIDE Turais threoraithe trí Ghaeilge ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Mairfidh gach turas thart ar 30 nóiméad agus tosóidh siad ón Campanile. IONAD: Coláiste na Tríonóide, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2
|
6.30 p.m.
7.30 p.m.
8.30 p.m.
|
TURAS TREORAITHE AR CHEANNÁRAS CHONRADH NA GAEILGE Tapaigh an deis cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh stairiúil inar throid Mícheál Ó Coileáin agus Eamonn De Valera ar son saoirse na hÉireann trí páirt a ghlacadh i dturas treoraithe ar Cheannáras Chonradh na Gaeilge. Beidh trí thuras ar fad ann. Tá na turais saor in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe anseo IONAD: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
|
6.30 p.m.
|
CÉILÍ MÓR AN CHLUB le CLUB CHONRADH NA GAEILGE Reáchtálfar céilí mór le ceol traidisiúnta i gClub Chonradh na Gaeilge. IONAD: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
|
7.30 p.m.
|
PÓLCA 4 le RUADHÁN Ó FLATHARTA & CAITRÍONA NÍ CHEANNABHÁIN leis AN OIREACHTAS Buaicphointe na hoíche: Seóthaispeántas le ceol, damhsa, amhránaíocht, spórt & spraoi! IONAD: Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath
|
8.00 p.m.
|
TURAS AR ÁRAS CHRÓNÁIN Turas ar Áras Chrónáin, teach Seoirseach 1840, agus oíche de scoth Ceoil agus Oidhreachta na hÉireann. IONAD: Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
|
9.00 p.m.
|
GaelGÁIRÍ Oíche Fuirseoireachta leis na Gaeil is greannmhaire sa tír, b’fhéidir ar domhan! Bígí linn le roinnt grinn agus, den chéad uair ag GaelGÁIRÍ, tobchumadóireacht a chloisteáil. IONAD: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
|