Táimid anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar Oíche Chultúir 2023. Ag filleadh den ochtú bliain déag, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair 2023.
Is é an aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir. Cuimsíonn an pacáiste tacaíochta na nithe seo a leanas: deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.
Beidh fáilte ag An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa, Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht: Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán.
SPRIOCDHÁTA D'IARRATAS: 12.00 p.m., (meánlae) Dé hAoine, 16 Meitheamh 2023.
Tá na foirmeacha iarratais ar fáil ag na nascanna thíos:
FOIRM IARRATAIS (i nGaeilge)