Táimid anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2020. Ag filleadh don séú bliain déag, tionólfar Oíche Chultúir ó 4.00 - 11.00 i.n., Dé hAoine, 17 Meán Fómhair 2021. An aidhm atá ag An tOireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí chun iad a spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar Oíche Chultúir.
Tá An tOireachtas ag lorg iarratais a chuimsíonn, ach gan a bheith teoranta dóibh, na téamaí seo: Na Taibhealaíona, Damhsa, Litríocht, Oidhreacht, Dráma, Ceol, Ealaíon & Ceardaíocht, Na hAmharc-ealaíona, Caint, Turas, Scannán.
Ní chuirfear tacaíocht ar fáil d'aon ócáid nach mbeidh ag teacht le rialacháin an rialtais maidir le sláinte agus sábháilteacht daoine tráth na hócáide i.e. murar ócáid fhíorúil atá á bheartú agat ní mór duit pleanáil lena aistriú chuig ócáid fhíorúil ar an toirt ar eagla go n-athraíonn rialacháin sláinte agus sábháilteachta ar an toirt ar bheagán d’fhógra Rialtais.
Is é an spriocdháta d’iarratais ná 9 Iúil 2021.
Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid | An tOireachtas | T: 00353 87 1005439 | R: louise@antoireachtas.ie
Pacáiste Tacaíochta d’Oíche Chultúir: