Oíche Chultúir 2026
Ag filleadh don aonú bliain is fiche, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2026 agus tá áthas ar An tOireachtas le bheith ag tacú le 52 imeacht Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht i 21 chontae éagsúil fud fad na tíre.
Tá réimse leathan imeachtaí i gceist ar chlár na bliana seo ag áireamh imeachtaí dírithe ar na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa; Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht; Dioscúrsa; Turas agus Oidhreacht & Scannán agus tá clár spleodrach ar fáil do phobal Ghaeilge na tíre arís i mbliana. Féach ar na himeachtaí atá ag tarlú i do chontae féin thíos!
#OícheChultúir2026
#OícheDárSaol


.gif)




.png)

.png)

 (1).png)






