Agallamh leis an Ollamh le Nua-Ghaeilge & le Taibhealaíona, Tríona Ní Shíocháin

Nuacht | An tOireachtas

A Thríona, is tú an chéad Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona sa tír, comhghairdeas leat as do cheapúchán le hOllscoil Mhá Nuad. An ndéanfá cur síos ar roinnt den obair atá idir lámha agat ó chuir tú tús le do ról nua?
Go raibh míle maith agat! Tá áthas an domhain orm a bheith tosaithe sa ról. Bhuel, is dócha gurb é an rud is mó atá ar na bioráin agam ó thosnaíos ná forbairtí nuatha a chur chun cinn ag leibhéal iarchéime maidir leis na healaíona Gaelacha.

Tá an t-ádh linn in Ollscoil Mhá Nuad go bhfuil speisialtóireachtaí cruthaitheacha go mór chun cinn i measc na foirne cheana féin – mar shampla, is saineolaí amhránaíochta í Sailí Ní Dhroighneáin, is scríbhneoirí cruthaitheacha an-oilte iad an tOllamh Fionntán de Brún agus an Dr. Caitlín Nic Íomhair, agus is grianghrafadóir iontach í an Dr. Lára Ní Mhaoláin. Tá timpeallacht an-ealaíonta san áit, agus cuirfidh na forbairtí nuatha i dtaibhealaíona agus i dtraidisiúin bhéil na Gaelainne go mór leis an gcultúr spreagúil sin anois chomh maith, tá súil agam.

Tá ardáthas orm go háirithe go bhfuil sruth nua san MA Nua-Ghaeilge dar teideal Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge anois ar an bhfód agus ag tosú i Mí Mheán Fhómhair, agus tá an-lúcháir go deo orm go bhfuil comhpháirtíocht nua ar bun idir Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus an tOireachtas.

Cad atá ar siúl agat ó thaobh cúrsaí taighde de faoi láthair?
Ó thaobh an léinn de, le déanaí táim tar éis a bheith ag gabháilt do thaighde ar chleachtais chruthaitheacha na mban i dtraidisiún ceoil agus amhránaíochta na hÉireann, ar thraidisiúin chumadóireachta na mban, agus ar mheafar an tsaoil eile sa tseoithín traidisiúnta. Tá ana-shuim agam in eispéireas na hamhránaíochta agus i gcumhacht an taibhithe mar le smaointeoireacht nua a chruthú. Tá taighde leanúnach idir lámhaibh agam ar thábhacht na hamhránaíochta sa tsochaí.

Is scoláire idirdhisciplíneach Gaelainne agus Ceoil mé, agus spéis ar leithligh agam sa traidisiún béil agus i dteoiricí an taibhléirithe agus na béalaireachta. Dheineas mo thráchtas dochtúireachta ar amhráin Mháire Bhuí. Roimis seo, do bhíos im Cheann Roinne i Roinn an Cheoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus baineann an dá ghort san – an Ghaelainn agus an Ceol – go dlúth le mo speisialtóireachtaí taighde. Is maith liom an spás idirdhisciplíneach san ina maireann taibhealaíona de gach saghas!

Céard iad na spriocanna ba mhaith leat a bhaint amach sa ról seo?
Bhuel is dócha gurb é an rud is mó atá curtha romham agam ná na healaíona Gaelainne a chur chun cinn go mór laistigh de Léann na Gaelainne, agus áit ar leith a aimsiú agus a fhorbairt don ghníomh cruthaitheach féin laistigh de churaclam Gaelainne na hOllscoile. Tá saol na Gaelainne breac le healaíontóirí de gach saghas: mar shampla, amhránaithe, scéalaithe, ceoltóirí, damhsóirí, aisteoirí, filí, scríbhneoirí , lucht déanta lúibíní agus ceapóg – is dream an-chruthaitheach go deo iad lucht labhartha na Gaelainne, agus tá sé tábhachtach go mbeadh spás ann don chruthaitheacht san sa churaclam ó leibhéal na fochéime amach go dtí leibhéal na dochtúireachta féin.

Anuas air seo, baineann tábhacht thar meon leis na healaíona mar le forbairt agus sealbhú na teangan féin – más ardchumas agus saibhreas teangan atá uainn, creidim gur tríos na healaíona féinig is fearr a fhorbrófar a leithéid, b’fhéidir. Baineann sofaisticiúlacht agus áilleacht le cleachtais chruthaitheacha an traidisiúin bheo bhéil agus ba mhaith liom go mbeadh na scoláirí ana-mhórtasach as an oidhreacht speisialta san, agus an-eolgaiseach ina taobh.

Chuige seo ar fad, ba mhaith liom an taighde ealaíonta (nó taighde dána mar a thugaim air uaireanta!) trí mheán na Gaelainne a fhorbairt, go háirithe ag leibhéal iarchéime. Gort idirnáisiúnta is ea an taighde ealaíonta ina nasctar an cleachtas cruthaitheach leis an taighde, agus creidim go gcuirfidh pobal na Gaelainne go mór leis an ngort san san am atá romhainn.

Inis dúinn faoi na forbairtí atá déanta leis an MA sa Nua-Ghaeilge.
Tá ana-sceitimíní go deo orm mar gheall ar an sruth nua MA Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaelainne! Cúrsa ana-nuálach is ea é ar an ábhar gur féidir le mic léinn an cleachtas cruthaitheach féin a chur chun cinn mar chuid de mheasúnú an chúrsa. Mar shampla, is féidir le mic léinn Togra sa Taighde Ealaíonta a dhéanamh in ionad an tráchtais thraidisiúnta más mian leo.

Cad a bhíonn i gceist le togra sa taighde ealaíonta? Séard a bhíonn i gceist ná gur féidir leat a bheith i mbun amhránaíochta, damhsa, ceoil, aisteoireachta nó ceapadóireachta mar chuid de do thráchtas, is é sin le rá gur féidir an ghné phraiticiúil a fhorbairt go leibhéal an-ard taobh le taighde d’ardchaighdeán.

Gné eile atá ana-nuálach go deo ná gur féidir le mic léinn féile bheag sna healaíona Gaelainne agus Gaeltachta a eagrú agus a rith mar chuid den mhodúl NG635 Féile Bheag AGUS socrúcháin oibre a dhéanamh le hOireachtas na Gaeilge. Ceapaim gur gné ana-speisialta den chúrsa is ea an chomhpháirtíocht le hOireachtas na Gaeilge agus beidh deis iontach ann do mhic léinn chun taithí phraiticiúil a fháil le foireann an Oireachtais féin.

Céard iad na buntáistí a bhaineann leis an gcúrsa seo?
Forbraítear réimse leathan scileanna ar an gcúrsa seo – scileanna teangan, scileanna riaracháin, scileanna machnaimh, scileanna cruthaitheacha, agus scileanna cumarsáide agus idirphearsanta. Tá an taithí a gheobhaidh mic léinn le hOireachtas na Gaeilge thar a bheith luachmhar, agus creidim go saibhreoidh sé seo a gcuid oideachais go mór. Beidh an taithí phraiticiúil sin ina buntáiste ana-mhór agus mic léinn ag tabhairt fén saol oibre amach anseo. Chomh maith leis seo, seo é an t-aon chúrsa in Éirinn go bhfios dom inar féidir le mic léinn ardscileanna sa chleachtas cruthaitheach a fhorbairt ag an am céanna le hardscileanna Gaelainne.

Cén cháilíochtaí atá ag teastáil ó iarrthóirí an chúrsa?
Bunchéim onóracha le dara honóracha grad 2 (II.2) ar a laghad sa Nua-Ghaeilge agus grad II.1 ar a laghad i modúil na teangan a bhíonn ag teastáil de ghnáth. Fáiltímid roimh thriailfhíseáin ó iarrthóirí gur mian leo a leithéid a chur ar fáil dúinn mar chuid den iarratas iontrála – mar shampla amhrán a rá, steip rince a dhéanamh, port a sheimint, nó píosa aisteoireachta a dhéanamh – cé nach réamhriachtanas a leithéid sin. Is féidir le scríbhneoirí cruthaitheacha píosa gairid ceapadóireachta a chur fénár mbráid mar chuid den phróiseas iontrála chomh maith más mian leo, ach arís, ní réamhriachtanas é sin.

Cén sórt deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil do dhaoine théis an cúrsa a chríochnú?
Beidh réimse leathan scileanna ar a dtoil ag céimithe an MA seo: beidh ardscileanna teangan, cumarsáide, agus machnaimh acu, agus beidh taithí phraiticiúil acu i riarachán na n-ealaíon, agus ar na gnéithe éagsúla ar fad a bhaineann le féile a eagrú agus a rith. Chomh maith leis seo, beidh deis acu a scileanna cruthaitheacha féin a fhorbairt mar ealaíontóirí le linn an chúrsa más mian leo chomh maith. Speisialtóirí cruthaitheacha Gaelainne a bheidh iontu.

Mar sin, samhlaím go mbeidh deiseanna fostaíochta go leor ar fáil dóibh in earnáil na n-ealaíon, san earnáil chultúrtha agus oidhreachta, in earnáil na Gaelainne, in earnáil na hiriseoireachta, sna meáin; beidh réimse leathan scileanna inaistrithe ag céimithe a bheidh ana-tharraingteach d’fhostóirí i gcoitinne. Ba mhór an chabhair an cháilíocht seo d’aon duine a bheadh ag cuimhneamh ar dhul le múinteoireacht níos déanaí. B’fhéidir go gcuirfidh daoine go bhfuil cáilíocht acu cheana féin sa bhunmhúinteoireacht nó sa mheánmhúinteoireacht suim sa chúrsa seo chomh maith ar mhaithe le forbairt phearsanta agus ghairmiúil.  Agus, gan dabht, is féidir le mic léinn leanúint ar aghaidh leis an taighde féin ag leibhéal an PhD, más suim leo gabháil an bóthar san.

Aon eolas breise ba mhaith leat a lua?
Fáiltímid roimh iarratais ó ealaíontóirí uile na Gaelainne agus na Gaeltachta agus ó aon duine go bhfuil spéis ar leith aige/aici sna healaíona Gaelainne. Má tá aon cheist fén spéir ag daoinibh orm, nó más mian leo a gcuid smaointe a phlé liom, beidh na fáiltí geala rompu ach dul i dteagmháil liom ag triona.nishiochain@mu.ie

Beidh seisiún eolais ar siúl ar Zoom Déardaoin27 Bealtaine 2021 ag a 7.00p.m leis an Ollamh le Nua-Ghaeilge & le Taibhealaíona, Tríona Ní Shíocháin, leis an Ollamh Fionntán de Brún, agus le Máirín Nic Dhonnchadha, Leas-Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, dóibh siúd ar mian leo tuilleadh eolais a fháil amach faoin gcúrsa nua.

Is gá clárú roimré don seisiún eolais ag nua.ghaeilge@mu.ie.

Tá bileog eolais faoin gcúrsa le fáil ar shuíomh idirlín Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, anseo.