Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2021 fógartha

Nuacht | An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu (20 Deireadh Fómhair 2021) go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2021 á bhronnadh ar Phóilín Ní Chiaráin ar son a saothar fíorchumasach, láneolasach, ildánach, sna meáin chumarsáide thar na mblianta.  Corpas le háireamh is ea an méid atá curtha i gcrích aici ar mheáin an raidió, na teilifíse, an chló agus, le déanaí ar líne.

“Aitheantas ar shaothar téagartha, saoithiúil, in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge is ea Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais, “ach beag beann ar theanga na hurlabhartha, is cumarsáidí den chéad scoth í Póilín Ní Chiaráin.  Tá grinneas agus ionracas ina chuid scríbhinní machnamhacha agus ina gcuid tuairisceoireachta a léiríonn domhaintuiscint ar an timpeallacht pholaitiúil agus chultúrtha i dTuaisceart Éireann ach go háirithe.  Déanaim comhgairdeachas ó chroí léi as an ngradam seo a bheith á bhronnadh uirthi.”

Dúirt Póilín Ní Chiaráin: “Tá ríméad agus iontas orm an Bhuaic-Ghradam seo a fháil ón Oireachtas.  Slí aonarach is ea cúrsa na saoririseoireachta ach tá an t-ádh orm a bheith ag obair le daoine cumasacha in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus in www.tuairisc.ie – dhá eagraíocht a léiríonn suim go seasta i ngnóthaí an Tuaiscirt.  Aitheantas do Raidió na Gaeltachta agus do www.tuairisc.ie  chomh maith liomsa í an onóir seo ón Oireachtas agus is mór agam í.”

De bhunadh cheantar Iorrais i Maigh Eo í Póilín Ní Chiaráin ach is i dTuaisceart Éireann atá formhór a saoil go dtí seo caite aici.  Tá iomrá uirthi mar thuairisceoir, mar iriseoir, mar cholúnaí, mar saineolaí polaitiúil agus mar shaineolaí ar an iliomad ábhar eile ach thosaigh sí a gairm sna meáin chumarsáide mar thaighdeoir agus láithreoir leis an gclár cúrsaí reatha, Féach (RTÉ).   Ina dhiaidh sin bhí sí le Nuacht RTÉ ar feadh tréimhse go dtí gur thug sí aghaidh ar Bhéal Feirste, mar thuairisceoir do RTÉ News i dtús aimsire, ach bhog sí ina dhiaidh sin go dtí BBC i nDoire le ceannas a ghlacadh ar an Rannóg Nuachta & Spóirt.  Chuireamar eolas ar a cuid scríbhneoireachta óna colúin i Foinse, san Irish Times agus i nuachtáin & irisí eile.  Tá colún rialta aici i www.tuairisc.ie agus is minic í ag tuairisciú do Nuacht agus do cláir eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4 agus do Blas agus An Focal Scoir, ar BBC Thuaisceart Éireann.

Bronnfaidh an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Jack Chambers T.D.  an gradam seo chomh maith le dhá ghradam déag (12)  eile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl i Farmleigh, Dé Máirt, 26 Deireadh Fómhair 2021.   Is ar an oíche a fhógrófar na buaiteoirí eile ar fad.  Déanfar an ócáid a shruthú beo ar www.antoireachtas.ie & www.tg4.tv ag 7.30 p.m.

Tá an gearrliosta do na catagóirí ar fad chomh maith le gach eolas maidir le gníomhaíochtaí uile an Oireachtais le fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais, www.antoireachtas.ie