|
Lóchrann an Oireachtais
Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
|
|
|
Tá deis fós ann do Scríbhneoirí na Gaeilge a saothair a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018
Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais 2018 faoi lán tseoil agus muid fós ag glacadh le hiontrálacha go dtí 1 Iúil 2018. Má bhíonn tú ag scríobh as Gaeilge agus má tá saothar úrnua scríofa agat, b’fhiú go mór cur isteach ar an réimse leathan comórtas atá ar fáil. Tá duaiseanna breátha le buachan i ngach catagóir, óg agus aosta. Bí i mbun pinn!!
|
|
|
|
|
|
Bí i lár an Aonaigh ag Oireachtas na Samhna 2018
Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ón 31 Deireadh Fómhair – 4 Samhain. Ar smaoinigh tú ar sheastán agus/nó fógra a ghlacadh ag Oireachtas na Samhna? Tapaigh an deis d’eagraíocht / do ghnó a chur chun cinn ag an bhféile i mbliana!
|
|
|
|
|
|
Oíche Chultúir – Tacaíocht ar fáil d’Imeachtaí Gaeilge!
Tá An tOireachtas ag cur tacaíocht ar fáil d’imeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl idir 4.00pm agus 11.00pm ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 21 Meán Fómhair 2018. Reáchtáladh os cionn 130 imeacht Gaeilge ar fud an oileáin in 2017 agus táimid ag iarraidh ardú suntasach a bhaint amach ar sin in 2018, Bliain na Gaeilge!
Táimid anois ag glacadh le hiarratais d'imeachtaí na bliana seo. Má tá spéis agat imeacht a reachtáil i do cheantar féin, cuir ríomhphost chuig majella@antoireachtas.ie.
|
|
|
|
|
|
#parkrunabú!
Bhí ócáidí iontacha againn ar na mallaibh i bPáirc na bhFál, Béal Feirste agus i bPáirc na dTor, Baile Átha Cliath nuair a reáchtáladh Preab-Ghaeltacht mar chuid de na parkruns a bhíonn ar siúl sna páirceanna sin go rialta. Tá an oiread sin éileamh ar na hócáidí sin anois go bhfuil muid ag dul i gcomhpháirt le parkrun le Preab-Ghaeltacht a reáchtáil i Maigh Eo agus i gCeatharlach go luath.
|
|
|
|
|
|
Oireachtas na Gealaí ag Féile na Gealaí 2018
Bhí tráthnóna iontach againn ag Féile na Gealaí ar an Satharn, 16 Meitheamh 2018. Tá moladh mór ag dul do lucht eagraithe na féile as féile iontach a reáchtáil arís i mbliana. Bhí an tOireachtas i lár an aonaigh i mbliana ag cur na n-ealaíon traidisiúnta – lúibíní, amhránaíocht ar an sean-nós agus scéalaíocht - chun cinn i measc na nGeal. Míle buíochas do rannpháirtithe 'Oireachtas na Gealaí', Éamon Ó Donnchadha, Diane Ní Chanainn, Mairéad Ní Cheallaigh, Mairéad Ní Fhlatharta agus Seanán Mac Aoidh as seó den scoth a léiriú. Táimid ag súil leis an mbliain seo chugainn cheana féin. #fnag18 #OnaS18
|
|
|
|
|
|
Os Cionn 20 Féasta Sráide Ghaelach ar fud na tíre!
Bhí os cionn 20 Féasta Sráide Ghaelacha ar siúl i mbliana ar 10 Meitheamh agus bhain na céadta daoine sásamh as freastal ar na lónta pobail seo a reáchtáladh ar shráideanna, i bpáirceanna agus in áiteanna poiblí ar fud na tíre. Is Dé Domhnaigh, 9 Meitheamh a bheidh Féasta Sráide ar siúl in 2019. Má tá spéis agat ceann a reáchtáil i do cheantar féin ar an lá sin, cuir ríomhphost chuig majella@antoireachtas.ie agus meabhrófar duit san Earrach 2019!
|
|
|
|
|
|
Galf as Gaeilge 2018
Reáchtáil an tOireachtas an ceathrú ‘Galf as Gaeilge’, i gcomhar le Gael-Linn, ar an 9 Meitheamh 2018 i nGalfchúrsa Esker Hills sa Tulach Mhór. Bhí Imreoirí ó gach cearn den tír ann - Ráth Chairn, Baile Átha Cliath, Uibh Fháilí, An Cheathrú Rua, Na hOileáin, An Spidéal, Béal an Daingin, Leitir Mealláin, Bearna, Dún Dealgán, Eanach Mheáin agus Indreabhán.
|
|
|
|
|
|
Na Siúlóidí
Bhí lá den scoth ag lucht Na Siúlóidí ag dul trasna na sléibhte i gContae an Dúin, ó Lóiste Liatroma i mBaile Hill go Páirc Chill Bhrónaigh ar an Chaisléan Ruairí. Bhí níos mó ná deichniúir siúlóirí i láthair ar Dhomhnach breá te i Mí Meitheamh. Eagraíodh An Siúlóid seo in éineacht le Pobal Chroshléibhe. I measc dhúlra na hÉireann, bhí comhrá, craic agus an Ghaeilge ann i rith an ama! Más rud é go bhfuil suim ag do ghrúpa siúlóide siúlóid a eagrú do Ghaeil i do cheantair féin, is féidir leis an Oireachtas tacaíocht a thabhairt duit. Cuir ríomhphost chuig cliodhna@antoireachtas.ie.
|
|
|
|
|
|
Bhí an bua ag Éire i measc na Ceiltigh ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018
Déanann muid comhghairdeas le Pádraig Seoighe agus a chomhluadar a sheas an fhód d’Éirinn sa Chomórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i Leitir Ceanainn ag tús mhí Aibreáin. D’éirigh le Pádraig agus an t-amhrán a chum sé féin, Ar Saoire, an chéad áit a bhaint amach sa chomórtas. Sin é an dara bhliain as a chéile a bhí an bua ag Éire sa chomórtas sin. Na hÉireannaigh abú!!
|
|
|
|
|
|