|
Lóchrann an Oireachtais
Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
|
|
|
Feachtas Oideachais: Curaclam na Gaeilge san Ardteistiméireacht
Tá comhairliúchán ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta leis an ardteistiméireacht a athrú (breis eolais ar fáil anseo).
Tá Conradh na Gaeilge & 12 eagraíocht eile ag éileamh go gcuirfear siar an comhairliúchán (níos mó eolais ar fáil anseo) go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar na sonraíochtaí nua don tsraith shóisearach.
Tá sé molta ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, an suirbhé a bhaineann leis an gcomhairliúchán a líonadh roimh dheireadh mí na Bealtaine le pointe soiléir a dhéanamh leo nach bhfuil na sonraíochtaí atá molta acu don ardteistiméireacht shásúil in aon chor.
Is féidir teacht ar na leaganacha éagsúla den suirbhé ag na naisc thíos: Sonraíochtaí T1 (Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta) https://surveyhero.com/c/comhairliuchanT1
Sonraíochtaí T2 (Scoileanna Béarla) https://surveyhero.com/c/comhairliuchanT2
Tá cáipéis ar fáil anseo le cabhrú leis an suirbhé a líonadh. Is fiú an cháipéis seo a bheith ar oscailt ag an am céanna agus tú ag líonadh suirbhé.
Tá eolas ó chruinniú a d'eagraigh Gaeloideachas maidir leis na sonraíochtaí T1 ar fáil anseo. Tugtar eolas maith ann ar céard atá luaite sa cháipéis comhairliúcháin.
Chomh maith leis sin, ar iarratas ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, tá an NCCA le casadh le tuismitheoirí ón nGaeltacht leis na sonraíochtaí nua Gaeilge atá molta don Ardteist a phlé Dé Céadaoin, 26 Bealtaine 2021 ag 6.30 p.m. Is féidir clárú ag an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/ArdteistT1
|
|
|
|
|
|
‘An Heileo Mór’ - Deireadh Seachtaine Náisiúnta Pobail 2019 seolta go hoifigiúil ag an Aire Ring
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring T.D Deireadh Seachtaine Náisiúnta Pobail 2019 go hoifigiúil ar an 6 Márta 2019. Beidh Comhairlí Contae ar fud na tíre ag cur tacaíocht airgid ar fáil le haghaidh ócáidí a reáchtáil. Tuilleadh eolais: majella@antoireachtas.ie
|
|
|
|
|
|
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 ag filleadh ar Leitir Ceannain
Ag glaoch ar Dhamhsóirí, ar Cheoltóirí agus ar Chóracha na hÉireann le páirt a ghlacadh i gComórtais Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019. Reáchtálfar comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ón 23-28 Aibreán 2019.
|
|
|
|
|
|
Féasta Sráide 2019
Beidh Féastaí Sráide Gaelacha á reáchtáil ag grúpaí éagsúla ó cheann ceann na tíre Dé Domhnaigh, 5 Bealtaine 2019. Is tionscnamh pobail é Street Feast ag a dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarraithe nó i gcarrchlóis agus go dtugann siad bia leo, le hithe iad féin agus le roinnt leis an gcomhluadar.
|
|
|
|
|
|
Uachtarán an Oireachtais 2019 Insealbhaithe
Insealbhaíodh Micheál Mac Aogáin mar Uachtarán an Oireachtais 2019 ag searmanas speisialta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath ar an 18 Feabhra 2019. Gaillimheach as Béal Átha na Sluaighe ó dhúchas é Micheál a bhfuil cónaí air lena chlann i mBaile Átha Cliath. Fear mór Oireachtais a bhfuil seirbhís dhílis, dhíograiseach tugtha aige don eagraíocht thar na mblianta.
|
|
|
|
|
|
#parkrunabú!
Táimid ag spreagadh cainteoirí Gaeilge le páirt a ghlacadh in imeachtaí #parkrunabú! timpeall na tíre agus an banda rosta ‘Tá Gaeilge agam’ a chaitheamh. Is éard atá i gceist le parkrun ná go dtiocfaidh daoine le chéile le siúl nó rith 5k a dhéanamh i dteannta a chéile i bpáirceanna nó i spásanna oscailte eile maidineacha Satharn ag tosú ag 9:30 r.n. Bhí 2 #parkrunabú! ar siúl cheana féin i mbliana agus beidh 11 ócáid eile ann ar fud na tíre le linn na bliana.
|
|
|
|
|
|
Bláth agus ráth ar Shean-Nós na Fearsaide 2019
Bhí buaiteoirí 2018, iar-bhuaiteoirí agus cairde Oireachtais i lár an aonaigh ag Sean-Nós na Fearsaide i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain ar an 15 & 16 Feabhra 2019. Bhí scoth an chultúir le brath, le feiceáil agus le cloisteáil le linn an deireadh seachtaine agus cultúr na nGael á chur chun cinn.
|
|
|
|
|
|
Seoladh Fhéile an Earraigh
Bhí seomra lán go doras do Sheoladh Clár Imeachtaí Féile an Earraigh 2019 ag ar fhreastail Oifigeach Gréasáin an Oireachtais, Clíodhna Nic Bhranair air i gCultúrlann McAdamh Ó Fiaich i mBéal Feirste i mí Feabhra. Táimid ag súil go mór le bheith páirteach leis an bhféile seo chun na healaíona agus an cultúr gaelaigh a chur chun cinn.
|
|
|
|
|
|
Oíche Nollag na mBan
Bhí 10 n-ócáid Nollag na mBan ar siúl timpeall na tíre ar an 6 Eanáir 2019 agus os cionn 150 bean rannpháirteach sa tsiamsaíocht. Bhí réimse leathan ócáidí ann ina measc beilte, seisiúin cheoil, siúlóidí agus eile.
|
|
|
|
|
|