|
Lóchrann an Oireachtais
Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
|
|
|
Deis do Scríbhneoirí na Gaeilge a gcuid saothar nua a chur isteach fós ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais
Níl ach seacht seachtain fágtha le cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2019. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais i mbliana, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, dráma agus eile. Bí ag cumadh agus i mbun pinn i 2019 agus bí mar chuid de réabhlóid scríbhneoireachta na Gaeilge.
|
|
|
|
|
|
Seastáin, Fógraíocht agus Pacáistí Corparáideacha ar fáil chun d’eagraíocht a chur chun cinn ag #OnaS19
Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Óstán Citywest, Baile Átha Cliath ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2019. Ar smaoinigh tú ar sheastán a ghlacadh in Aonach an Oireachtais nó fógra a ghlacadh i gclár na féile i mbliana? Tá margadh mochóirí ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh seastán, fógra nó pacáiste corparáideach a ghlacadh chun a n-eagraíocht/gnó a chur chun cinn ag an fhéile.
|
|
|
|
|
|
Rath agus bláth ar Fhéasta Sráide 2019
Bhí os cionn 20 Féasta Sráide Ghaelacha ar siúl i mbliana ar 5 Bealtaine agus bhain na céadta daoine sásamh as freastal ar na lónta pobail seo a reáchtáladh ar shráideanna, i bpáirceanna agus in áiteanna poiblí ar fud na tíre. Fógrófar dáta na bliana seo chugainn go luath agus más spéis leat ceann a reáchtáil i do cheantar féin, cuir ríomhphost chuig eolas@antoireachtas.ie agus meabhrófar duit san Earrach 2019!
|
|
|
|
|
|
Bua mór ag Éire ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2019 i Leitir Ceannain
Déanann muid comhghairdeas le Daríona Ní Dhonnchadha, Ollie Hennessy & Ciarán Tourish a sheas an fhód d’Éirinn sa Chomórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Aibreáin. D’éirigh leo agus an t-amhrán a chum Áine Durkin, Ní Thuigim, an chéad áit a bhaint amach sa chomórtas. Sin é an tríú bhliain as a chéile a bhí an bua ag Éire sa chomórtas sin. Na hÉireannaigh abú!!
|
|
|
|
|
|
Táimid ag tacú le hImeachtaí d’Oíche Chultúir 2019
Beidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine 20 Meán Fómhair 2019, ó 4pm go 11pm. Tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil againn d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíne nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht, ar Oíche Chultúir. Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.
|
|
|
|
|
|
#parkrunabú!
Táimid ag spreagadh cainteoirí Gaeilge le páirt a ghlacadh in imeachtaí #parkrunabú! timpeall na tíre agus an banda rosta ‘Tá Gaeilge agam’ a chaitheamh. Is éard atá i gceist le parkrun ná go dtiocfaidh daoine le chéile le siúl nó rith 5k a dhéanamh i dteannta a chéile i bpáirceanna nó i spásanna oscailte eile maidineacha Satharn ag tosú ag 9:30 r.n. Bhí 7 #parkrunabú! ar siúl cheana féin i mbliana agus beidh 6 ócáid eile ann ar fud na tíre le linn na bliana.
|
|
|
|
|
|
Tá Oireachtas na Samhna ag teannadh linn
Táimid ag réiteach go crua d’fhéile na bliana seo. An bhfuil do réiteach féin déanta agus lóistín in áirithe agat go fóill? Bí linn in Óstán Citywest, Baile Átha Cliath ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2019.
|
|
|
|
|
|
Féile an Phobail
Táimid ar bís le fógairt go mbeidh imeachtaí ag an Oireachtas mar chuid d’Fhéile an Phobail i mBéal Feirste i Mí Lúnasa na bliana seo! Beidh deis ag daoine blaiseadh beag d’Oireachtas na Samhna a fháil tríd sarthaispeántais agus ceardlanna. Coinnigh súil ar ár suíomh – tuilleadh eolais le teacht go luath!
|
|
|
|
|
|