|
Lóchrann an Oireachtais
Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
|
|
|
7 lá fágtha le cur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2019
Tá síneadh ama seachtaine á thabhairt do scríbhneoirí le hiontrálacha a chur isteach ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2019. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí 12.00 meán lae Dé Luain, 8 Iúil 2019. Mura bhfuil do shaothair istigh go fóill, bí i dteagmháil linn.
|
|
|
|
|
|
Seachtain fágtha le cur isteach ar Ghradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais 2019
Tá seachtain fós ag foilsitheoirí Gaeilge le cur isteach ar Ghradaim Fhoilsitheoireachta na Bliana do Leabhair i nGaeilge – Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) agus gradam úrnua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile, Gradam de Bhaldraithe. Bronnfar duaischiste de €17,000 thar an trí ghradam. Is é an spriocdháta iontrála an 8 Iúil 2019.
|
|
|
|
|
|
Bí i lár an Aonaigh ag Oireachtas na Samhna 2019
Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Óstán Citywest, Baile Átha Cliath ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2019. Ar smaoinigh tú ar sheastán a ghlacadh in Aonach an Oireachtais nó fógra a ghlacadh i gclár na féile i mbliana? Tá margaidh iontacha ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh seastán, fógra nó pacáiste corparáideach a ghlacadh chun a n-eagraíocht/gnó a chur chun cinn le linn na féile.
|
|
|
|
|
|
Suíomh nua gréasánaíochta seolta ag an Oireachtas
Tá suíomh gréasáin nua againn ag díriú ar 'Gréasánaíocht in Earnáil na Gaeilge'. Ar an suíomh seo, tá muid chun moltaí a bhailiú ó lucht na hearnála féin maidir leis an dóigh is fearr gréasáin a thógáil, a fhás agus a fhorbairt. Beidh físeán á roinnt againn uair sa mhí agus is féidir muid a leanúint ar na meáin shóisialta chomh maith!
|
|
|
|
|
|
Cultúr agus Ceiliúradh ag Oireachtas na Gealaí 2019
Bhí seó iontach againn ag Féile na Gealaí ar an Satharn, 15 Meitheamh 2019. Tá moladh mór ag dul do lucht eagraithe na féile as féile iontach a reáchtáil arís i mbliana. Bhí an tOireachtas i lár an aonaigh i mbliana ag cur na n-ealaíon traidisiúnta – lúibíní, amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa ar an sean-nós agus scéalaíocht - chun cinn i measc na nGeal. Míle buíochas le rannpháirtithe 'Oireachtas na Gealaí', Éamon Ó Donnchadha, Caoileann agus Deirdre Ní Dhonnchadha, Nada Ní Chuirrín agus Rónán Ó Conghaile as seó den scoth a léiriú.
|
|
|
|
|
|
#parkrunabú!
Bhí an-rath ar #parkrunabú! a d’eagraigh parkrun na bhFál i mBéal Feirste i gcomhpháirt linn ar an Sathairn, 22 Meitheamh 2019. Bhí muintir iarthar Bhéal Feirste, muintir oirthear Bhéal Feirste agus fiú dream as Baile Átha Cliath i láthair. Ghlac os cionn 70 duine páirt san imeacht i bPáirc na bhFál agus go leor daoine spreagtha chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar an lá. Bhí 8 #parkrunabú! ar siúl cheana féin i mbliana agus beidh 4 cinn eile ann ar fud na tíre le linn na bliana.
|
|
|
|
|
|
Táimid ag tacú le hImeachtaí d’Oíche Chultúir 2019
Beidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine 20 Meán Fómhair 2019, ó 4pm go 11pm. Tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil againn d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíne nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht, ar Oíche Chultúir. Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.
|
|
|
|
|
|
Tá Oireachtas na Samhna ag teannadh linn
Táimid ag réiteach go crua d’fhéile na bliana seo. An bhfuil do réiteach féin déanta agus lóistín in áirithe agat go fóill? Bí linn in Óstán Citywest, Baile Átha Cliath ó 30 Deireadh Fómhair – 3 Samhain 2019.
|
|
|
|
|
|