Do chéad fáilte go dtí Nuachtlitir Oireachtas na Gaeilge

Lóchrann an Oireachtais

Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020 fógartha

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020 fógartha

Táimid anois ag glacadh le hiontrálacha do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais i mbliana, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, dráma agus eile. Bí ag cumadh agus i mbun pinn i 2020 agus bí mar chuid de réabhlóid scríbhneoireachta na Gaeilge.

Foirm Iontrála ar fáil Anseo →
Gearrliosta na nAmhrán don Chomórtas Náisiúnta Pan Cheilteach

Gearrliosta na nAmhrán don Chomórtas Náisiúnta Pan Cheilteach

Roghnófar an t-amhrán a sheasfaidh an fhód d’Éireann ag an gComórtas Amhrán Idirnáisiúnta Pan Cheilteach Dé Sathairn, 22 Feabhra 2020 @ 8pm san Amharclann GB Shaw @ VISUAL, Ceatharlach. 20 amhrán a bhain gearrliosta na bliana seo amach. Beidh an comórtas idirnáisiúnta ar siúl ar an 16 Aibreán 2020 i gCeatharlach.

Gearrliosta →
Sean-Nós na Fearsaide 2020

Sean-Nós na Fearsaide 2020

Beidh blaiseadh agus léargas á dtabhairt ar thraidisiúin dhúchasacha na tíre, idir amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa ar an sean-nós, lúibíní, agallamh beirte agus scéalaíocht le linn an deireadh seachtaine le cuid de na taibheoirí is fearr sa tír. Beidh comórtais amhránaíochta ar an sean-nós agus comórtas do chóracha ar siúl ar Shatharn na Féile chomh maith. Bí linn.

Tuilleadh Eolais →
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2020 ag filleadh ar Cheatharlach

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2020 ag filleadh ar Cheatharlach

Ag glaoch ar Dhamhsóirí, ar Cheoltóirí agus ar Chóracha na hÉireann le páirt a ghlacadh i gComórtais Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2020. Reáchtálfar comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i mBaile Cheatharlach ón 14-19 Aibreán 2020.

Tuilleadh Eolais →
#parkrunabú!

#parkrunabú!

Táimid ag spreagadh cainteoirí Gaeilge le páirt a ghlacadh in imeachtaí #parkrunabú! timpeall na tíre agus an banda rosta ‘Tá Gaeilge agam’ a chaitheamh. Is éard atá i gceist le parkrun ná go dtiocfaidh daoine le chéile le siúl nó rith 5k a dhéanamh i dteannta a chéile i bpáirceanna nó i spásanna oscailte eile maidineacha Satharn ag tosú ag 9:30 r.n. Tá 2 #parkrunabú! deimhnithe don bhliain seo, ceann i mBaile an Chaisleáin, Co. Chill Dara (22 Feabhra) agus ceann eile san Nás, Co. Chill Dara (7 Márta) agus muid ag súil le tuilleadh #parkrunabú! ag eagrú ar fud an oileáin le linn na bliana.

Tuilleadh Eolais →
Lóistín d’Oireachtas na Samhna 2020

Lóistín d’Oireachtas na Samhna 2020

Tá ráta lóistín aontaithe ag an Oireachtas le hÓstán Bhóthar na Trá, Óstán Chuan na Gaillimhe, Óstán Ardilaun & Óstán Chonnachta do #OnaS2020. Molaimid duit do chuid socruithe lóistín a dhéanamh chomh luath agus is féidir agus déan cinnte go luann tú go mbeidh tú ag freastal ar an bhféile. Má tá tú ag glaoch ar na hóstáin chun áirithint a dhéanamh, tá sé riachtanach a rá leo go mbeidh tú ag freastal ar Oireachtas na Samhna 2020 chun leas a bhaint as an ráta speisialta seo.

Tuilleadh Eolais →

An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 VH98

Díchláraigh   •   Féach ar an ríomhphost seo le do bhrabhsálaí