|
Lóchrann an Oireachtais
Do chéad fáilte go dtí ár Nuachtlitir. Coinnigh suas chun dáta le nuacht agus le himeachtaí na heagraíochta le linn na bliana.
|
|
|
Oireachtas na Samhna 2020
D’fhógair muid ar an 8 Meitheamh 2020 nach mbeidh muid ag dul ar aghaidh le hOireachtas na Samhna 2020. Tá plé ar siúl lenár bpáirtithe sna meáin, le Foras na Gaeilge, leis na ceanneagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta eile chun clár imeachtaí ar líne a sholáthar do phobal dílis an Oireachtais tráth na féile. Coinnigh súil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais chun an scéal is déanaí a fháil sna míonna amach romhainn.
Má bhí lóistín in áirithe agat sna hóstáin i mBóthar na Trá, molaimid duit do chuid socraithe lóistín a chur ar ceal chomh luath agus is féidir.
|
|
|
|
|
|
Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020
Tá na saothair uilig cláraithe anois do Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020. Thug sé ardú croí dúinn go bhfuil os cionn 200 saothar nuascríofa thar na réimsí éagsúla cláraithe do na comórtais. Tá na saothair ag an bpainéal moltóirí anois agus déanfar meastóireacht orthu i gcaitheamh an tsamhraidh. Gabhann muid buíochas ó chroí leis na hurraithe ar fad a thug tacaíocht fhlaithiúil dúinn arís i mbliana. Beidh na torthaí á fhógairt go poiblí tráth Oireachtas na Samhna 2020 i mí Dheireadh Fómhair.
|
|
|
|
|
|
Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais 2020
Tá an próiseas iontrála do Ghradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais 2020 thart anois. Is í an chéad chéim eile sa phróiseas ná an painéal moltóirí a thabhairt le chéile chun meastóireacht a dhéanamh ar na leabhair. Fógrófar an trí ghearrliosta i lár mhí Lúnasa agus fógrófar buaiteoirí na ngradam ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Guíonn muid gach rath ar na tithe foilsitheoireachta atá san iomaíocht i mbliana.
|
|
|
|
|
|
An Taighde Gréasánaíochta go dtí seo
Táimid an-bhuíoch de na 1,280 daoine ar fad a ghlac páirt i dtaighde na heagraíochta maidir le gréasáin na nGael. Faisnéis an-luachmhar atá ann dúinn agus straitéis ghréasánaíochta idir lámha againn. Beimid ag díriú isteach ar na chéad chéimeanna eile den phróiseas taighde anois lena n-áirítear grúpaí fócais agus agallaimh a reáchtáil chun eolas níos doimhne i dtaca leis na freagraí a bhailiú. Beidh gach eolas á thuairisciú ar www.greasain.ie de réir mar a bheimid ag dul ar aghaidh leis an taighde.
|
|
|
|
|
|
An scéal is déanaí faoi Oíche Chultúir 2020
Beidh Oíche Chultúir 2020 ag tarlú Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2020. Tá An tOireachtas ag freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí chun iad spreagadh le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar Oíche Chultúir. Labhair Bainisteoir Imeachtaí & Foilseachán an Oireachtais, Louise Ní Dháibhéid, le Joey Kavanagh ó fhoireann Oíche Chultúir chun an scéal is déanaí maidir le hOíche Chultúir 2020 a fháil uaidh!
|
|
|
|
|
|
An scéal is déanaí ó parkrun!
Cuireadh deireadh le parkrun maidineacha Satharn ag tús na pandéime, agus ní fios fós cén uair a bheidh muid in ann tús a chur leo arís. Labhair Bainisteoir Imeachtaí & Foilseachán an Oireachtais, Louise Ní Dháibhéid, le Bainisteoir parkrun in Éirinn, Matt Shields, chun an scéal is déanaí a fháil uaidh!
|
|
|
|
|
|
Tae @ a trí
Nuair a thosaigh na rialacha a bhaineann le COVID-19 á lagú agus bhí muid ábalta dul taobh amuigh arís, thosaigh muid tionscnamh nua Tae ag a trí. Is imeacht náisiúnta, seachtainiúil é Tae ag a Trí a spreagann daoine le seiceáil isteach lena gcomharsana ag a trí a chlog gach Satharn. Is imeacht scartha é a bhíonn ar siúl ar leac an dorais, sa ghairdín, ar an ghuthán nó trí chomhrá fíorúil! Más maith leat níos mó eolais a fháil faoi Tae ag a Trí, cuir ríomhphost chuig brona@antoireachtas.ie.
|
|
|
|
|
|
Féach siar ar ár dtionscnaimh ar na Meáin Shóisialta le linn na Pandéime
Bhí an t-ádh linn go raibh taibhealaíontóirí an Oireachtais, ó bhuaiteoirí Steip go buaiteoirí Chorn Uí Riada go scríbhneoirí aitheanta, fíor-fhlaithiúil lena gcuid ama le linn na pandéime, ag cur ábhar chugainn le scaipeadh ar phobal an Oireachtais ar na meáin shóisialta. Thug sé ardú meanma dúinn nuair a bhí sé ag teastáil uainn ar fad. Is féidir éisteacht leis na hamhráin bhreátha agus breathnú ar na steipeanna ar fad ar ár leathanach Facebook.
|
|
|
|
|
|
Tógaimis le Gaeilge iad
Is gréasán ar líne é Tógaimis le Gaeilge iad le haghaidh tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, in Éirinn nó thar lear. Feidhmíonn an grúpa ar Facebook, spás oscailte neamhfhoirmeálta ina bhfuil deis ag tuismitheoirí taithí a roinnt, comhairle a mhalartú agus acmhainní a aimsiú a chabhróidh leo timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach do thógáil leanaí le Gaeilge.
|
|
|
|
|
|