Bí Linn ar Líne d'Oíche Chultúir 2020
Tá An tOireachtas ag tacú le 33 imeacht Gaeilge ar líne d'Oíche Chultúir tráthnóna inniu (18 Meán Fómhair 2020). Tá réimse leathan imeachtaí á reáchtáil ag grúpaí pobail agus eagraíochtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar fud an oileáin ina measc, drámaí raidió, ceolchoirmeacha, filíocht, scéalaíocht, ealaíon agus ceardaíocht, turais stairiúla, scannáin agus go leor leor eile.
Bí linn ar líne idir 4.00 p.m. - 11.00 p.m!!
#OícheChultúir
|